Cúirt: Ard-chúirt
Ábhar: Athbhreithniú breithiúnach
Catagóir: Sibhialta
HC05 - Athbhreithniú breithiúnach - nós imeachta réamh-trialach
Beidh feidhm leis na nósanna imeachta seo a leanas maidir le cúrsaí athbhreithnithe breithiúnaigh ón 12 Feabhra, 2001:-
1. Sa chás go mbronnann an chúirt cead chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach trí fhógra foriarratais socróidh sí, nuair a bhronnfar ordú den sórt sin, an dáta ag a ndéanfar an fógra foriarratais ar thóir faoiseamh substainiúil inchurtha.
2. Déanfar fógraí foriarratais den sórt sin, mar sin, inchurtha le haghaidh gach Máirt, Céadaoin agus Aoine as seo amach agus ní i gcás an Luain mar a bhí go dtí seo.
3. Nuair a dhéanfar liostú ar dtús ar fhógra foriarratais den sórt sin, reachtáilfear éisteacht inter partes ghairid. Tabharfar treoracha ag an éisteacht sin chun doiciméid réamh-trialacha a mhalartú.
4. Ba chóir go mbeadh na páirtithe in ann na príomhsaincheisteanna sa chás a chur in iúl don Bhreitheamh ag an gcéad éisteacht sin agus teorainneacha ama réadúla a mholadh chun doiciméid réamh-trialacha a mhalartú. De bhun sin, tabharfar treoracha cuí. Cuirfear an Foriarratas ar atráth ansin go dtí dáta i ndiaidh an dáta deiridh le haghaidh doiciméid den sórt sin a mhalartú. Táthar ag súil go gcloífear leis an ordú cúirte maidir le treoracha laistigh den am ceadaithe agus is in imthosca eisceachtúla amháin a bhronnfar síneadh ama breise.
5. Chomh luath agus a bheidh an chúirt sásta go bhfuil gach ábhar réamh-trialach diúscartha cuirfear an foriarratas ar athló go dtí an chéad liosta eile chun dátaí a shocrú a bheidh ar fáil féachaint le dáta trialach a shannadh.
Frederick Morris
Uachtarán na hArd-Chúirte