Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Cúirt: Uachtarach
Ábhar: Aighneachtaí scríofa
Catagóir: Sibhialta

SC15 - Aighneachtaí scríofa

1. Faoi réir threoracha na Cúirte Uachtaraí agus na n-alt seo a leanas den treoir seo,
beidh cóip d’aighneachtaí scríofa lóisteáilte i nó trascchurtha chuig Oifig na Cúirte Uachtaraí nó tugtha isteach don Chúirt Uachtarach an 7 Deireadh Fómhair, 2013, nó dá éis, maidir le, nó le linn, éisteachta aon achomharc, ar fáil do dhuine ar bith ag iarraidh é sin, ar íocaíocht táille inmhuirir ar bith do chóip den chineál sin. 

2. Cuirfear an méid seo a leanas ar fáil do dhuine a dhéanann iarratas den chineál sin -

(a) cóip d’aighneachtaí scríofa den chineál sin san fhoirm ina bhfuarthas iad nó

(b) sa chás ina bhfeidhmíonn mír 3, cóip den leagan eagartha na n-aighneachtaí scríofa sin a lóisteáil de réir na míre sin.

3. Le héifeacht ón dáta thuasluaite, traschuirfidh gach páirtí d’achomharc nó d’ábhar, nuair a chuimsíonn na haighneachtaí scríofa aon eolas a bhfuil a fhoilsiú toirmiscthe ag, nó a sháróidh aon sriantacht cuimsithe in, aon achtachán nó riail dlí nó ordú cúirte, d’Oifig na Cúirte Uachtaraí, leagan eagartha d’aighneachtaí scríofa an pháirtí sin i bhformáid leictreonach, ónar cheart eolas ar fad den chineál sin a scrios.

4. Beidh freagracht ar na páirtithe cinntiú nach gcuimsíonn aighneachtaí ábhar scannallach, maslach nó cráiteach.

5.  Ní chuirfear aighneachtaí ar fáil roimh thosú éisteacht an achomhairc. Ba cheart d’aon foilsiúchán ag an duine a fhaigheann na haighneachtai meas a bheith acu ar aon toirmeasc i ndlí nó ordú Cúirte.

6.  Déanfar iarratas ar chóip d’aighneachtaí scríofa chuig Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí.

7.  Féadfaidh Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí -

(a) treoir na Cúirte Uachtaraí a lorg i ndáil le hiarratas a dhéantar faoin treoir seo,

(b) cóip d’aighneachtaí a sholáthar i bhfoirm leictreonach.

Susan Denham
Príomh-Bhreitheamh
An 7 Deireadh Fómhair, 2013