Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Preaseisiúintí

 09/05/2007

Oscailt an tí cúirte nua i mBré, Co. Chill Mhantáin

Thóg an Príomh-Bhreitheamh Onórach John L. Murray ceannas inniu ar oscailt an tí cúirte nua i mBré. D'oscail an tAire Comhshaoil, an tUasal Dick Roche, an teach cúirte.

Tá soláthar na cúirte nua i mBré mar chuid de straitéis tógála seacht mbliana na Seirbhíse Cúirteanna, atá tar éis 48 Teach Cúirte nua nó athchóirithe go hiomlán a fheiceáil tríd an stáit, agus uasghrádú agus/nó mórobair chothabhála comhlánaithe i 100 eile.

Rinne bord na Seirbhíse Cúirteanna cinneadh tamall ó shin - le daonra i mórcheantar Bhaile Átha Cliath a bhí ag méadú go mór agus an Straitéis Náisiúnta Spásúlachta á dtógáil san áireamh acu - gur chóir saoráidí cúirte nua nó leathnaithe go mór a sholáthar i mórionaid fobhailteacha. Tagann an saoráid nua seo i mBré leis an gcuspóir sin.

I bhfírinne, cinnteoidh na saoráidí atá ar fáil anois go sásófar riachtanais na n-úsáideoirí cúirte i mBré agus sa cheantar máguaird ar feadh na mblianta atá le teacht le soláthar an fhoirgnimh seo. Soláthraíonn sé dínit agus príobháideachas dóibh siúd atá ag lorg sásaimh os comhair ár gcúirteanna, nó a bhfuil fáth acu a bheith os comhair na cúirte. Cuireann sé dáiríreacht ghnó an riaracháin dlí, atá stiúrtha laistigh, in iúl.

Saoráidí sa Tionscadal seo

Tá na nithe seo a leanas sa teach cúirte nua:
»  trí sheomra cúirte le seomraí na mbreitheamh béal dorais,
»  seomra giúiré
»  seomra na gcleachtóirí dlí
»  seomraí comhairliúcháin
»  oifigí d'fhoireann na Cúirte Dúiche
»  seomra tacaíochta d'íospartaigh
»  seomra na meán
»  cillíní coinneála do phríosúnaigh le rochtain dhíreach chuig an dá phríomhsheomra cúirte.
Tá an foirgneamh feistithe leis na míreanna teicneolaíochta faisnéise is déanaí.

Ionad Lárnach - Ionad Chualainn

Cuimsíonn an teach cúirte nua i mBré cuid d'Ionad Chualainn a forbraíodh le déanaí. Tá oifigí nua cuimsithe san ionad do Chomhairle Baile Bhré, ceanncheathrú nua d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, bialanna, Ionad Ealaíona an Mhaighdean Mhara agus oifigí na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh do Bhré agus Cill Mhantáin.

Bainfidh breis forbartha le haonaid chónaithe a thógáil ag cuimsiú de 17 teach le ceithre/cúig seomra codlata agus óstán le 31 seomra codlata agus athchóiriú a dhéanamh ar Theach Naomh Crónáin atá ann cheana féin.

Tá an láthair iomlán fite le chéile trí chlóis cúirte agus spásanna oscailte sa scéim seo atá dírithe ar choisithe.