Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Treoirlínte le haghaidh ... fhógra foriarratais Ardchúirte a eisiúint

Nasc gaolmhar:
Sampla d’fhógra foriarratais

1. Is sraith doiciméad é fógra foriarratais a leagann amach nádúr iarratas an iarthóra don Ardchúirt (is é sin le rá, cad is mian leis/léi go ndéanann an chúirt). De ghnáth bunaítear é (nó 'fothaítear é' ar) ráiteas mionnaithe fíricí a thugann tacaíocht don iarratas ar a dtugtar mionnscríbhinn. Sínítear é ag an bpáirtí a bhfuil iarratas á chur isteach aici/aige (nó ag an dlíodóir) agus ba cheart go n-eisítear é sa Lároifig sula ndéantar é a sheirbheáil ag an taobh eile laistigh de shrianta ama ar leith sula n-éistear é ag an gcúirt.

2. D'fhéadfadh an fógra foriarratais a bheith cumhdaithe agus eisithe sa phost, nó i bearsa, ag Príomh-Oifig na hArdchúirte, Na Ceithre Cúirteanna, Cé na gCúirteanna, Baile Átha Cliath 7.

3. Ba cheart go mbeadh doiciméid chumhdaithe ar pháipéar A4.

4. Chun fógra foriarratais a eisiúint ba cheart an méid seo a leanas a sheiceáil;

  • Tá an táille cúirte cheart íoctha agat

  • Tá an fógra foriarratais san fhormáid cheart de réir mar a leagtar amach sa nasc thuas

  • Chuir tú dhá chóip den fhógra foriarratais s'agat faoi iamh – seolfar é ar ais chugat

  • Chuir tú clúdach réamhíoctha agus do sheoladh air más rud é go seolfar é sa phost

  • Chuir tú seoladh an pháirtí nó na bpáirtithe eile a bhaineann leis an gcás agus seoladh an Phríomhchláraitheora, Príomh Oifig na hArdchúirte, Na Ceithre Cúirteanna, Baile Átha Cliath 7 ar an bhfógra foriarratais

  • Tá uimhir an taifid sa chúinne thuas ar dheis den doiciméad - mar shampla, 2014/0000 P nó 2013/0000 S

  • Tá tú tar éis mionnscríbhinn a bhunaíonn/ a fhothaíonn na faoisimh de réir mar a leagtar amach i d’fhógra foriarratais

  • Tá tú tar éis tagairt a dhéanamh don teisteoir agus don dáta ar cuireadh an mhionnscríbhinn faoi mhionn

  • Sheiceáil tú na treoirlínte maidir le mionnscríbhinn a líonadh


5. Le haghaidh fógra foriarratais, ní fhéadfaidh ach an Phríomh-Oifig an chéad dáta eile atá ar fáil a leithdháileadh ar an liosta cúirte cuí.

6. Má tá dáta éisteachta ag teastáil uait agus más rud é go bhfuil an t-am atá agat don tseirbheáil níos ísle ná mar atá leagtha amach sna Rialacha na nUaschúirteanna Ordú 52 riail 6, beidh ort an tseirbheáil a chúngú (seirbheáil ghearr) .

7. Ba cheart go ndéantar an fógra foriarratais a sheirbheáil ar an bpáirtí eile. Más rud é go bhfuil tú ag seirbheáil ar an bpáirtí eile go pearsanta, tá ceithre lá shoiléire idir eisiúint an fhógra foriarratais agus an dáta freagartha riachtanach. Más ag seirbheáil ar dhlíodóir atá tú, tá dhá lá shoiléire ar a laghad idir eisiúint an fhógra foriarratais agus an dáta freagartha riachtanach.

8. Más rud é nár tharla aon rud maidir le do chás le dhá mhí dhéag anuas, ba cheart go ndéantar doiciméad ar a dtugtar 'fógra rúin chun leanúint ar aghaidh' a sheirbheáil ar an bpáirtí eile sa chás. Ba cheart duit fanacht ar feadh míosa ansin sula bhféadann tú aon doiciméad sa chás sin a chomhdú.

Tearmaíocht

Seirbheáil chúngaithe - d'fhéadfadh breitheamh fáil réidh le riachtanais ama is ísle maidir le seirbheáil fógra foriarratais.

An dáta freagartha - seo é an dáta a thugtar ag an Phríomh-Oifig nuair a éistfear an fógra foriarratais sa chúirt.

Nóta:

Cuimsíonn an seicliosta seo faisnéis maidir le nósanna imeachta amháin - beidh machnamh sa bhreis de dhíth maidir le cásanna ar leith.

Leagan sé na bunriachtanais amach sna Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986).

Tá sonraí maidir leis na táillí cúirte insan Ordú um Tháillí na Cúirte Uachtaraí, na Cúirte Achomhairc agus na hArdchúirte.

Más cosantóir thú agus más rud é gur seirbheáladh doiciméad ort nach bhfuil i gcomhréir leis na Rialacha, tá sé de dhualgas ort an ghníomhaíocht chuí a dhéanamh.

 

Nóta: Ní doiciméad dlíthiúil é seo agus ní cheart a mheas gur comhairle dhlíthiúil atá inti. Más rud é go bhfuil comhairle dhlíthiúil uait ba cheart duit dul i gcomhairle le haturnae.

 

 

___________________________________________________
Rinneadh nuashonrú ar an leatheanach seo ar an: 7 Márta 2017