Cúirt: Dúiche
Ábhar: Atráthanna
Catagóir: Ginearálta
DC03 - Atráthanna
Treoir Cleachtais d'Uachtarán na Cúirte Dúiche
1. Nuair atá cás a shocrú lena éisteacht ní mór do pháirtithe an cháis a thabhairt le fios don chúirt an t-am a mheasann siad a thógfaidh sé lena éisteacht.
2. Má mheastar go dtógfaidh sé breis agus dhá uair a chloig déanfar socrú faoi leith é a éisteacht. Déanfar na cásanna sin (a thógfaidh breis agus dhá uair a chloig) a chur síos lena lua ceithre seachtaine roimh am na héisteachta, chun go bhféadfaidh aturnaetha páirtithe na caingne dearbhú go bhfuil an cás ullamh le dul ar aghaidh leis.
3. Ní cheadófar aon atráth ná athchur má tá cás socruithe lena éisteacht. Féadfar iarratais ar atráth nó ar athchur a dhéanamh chun na Cúirte faoi dhálaí eisceachtúla 7 LÁ ar a laghad roimh dháta na héisteachta agus fógra 48 N-UAIRE a bheith seirbheáilte ar an bpáirtí eile.