Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Preaseisiúintí

06/03/2008

Cuireann an tSeirbhís Chúirteanna Breathnaímis ar an Dlí, modúl nua O.S.S.P do mhic léinn, ar fáil

Tá modúl cuimsitheach dlí le tabhairt isteach sna scoileanna den chéad uair riamh ... Múineann modúl idirghníomhach na mic léinn faoi obair agus struchtúr na gcúirteanna ... mínítear ord reatha trialach ... is í an aidhm ná daoine óga a chumasú mar shaoránaigh gníomhacha ...

 

'Measadh go raibh eolas ginearálta ar an dlí ina ghné shár-riachtanach d'oideachas an duine óig san am a caitheadh agus is binn linn go mbeidh daltaí ag fáil teagaisc den sórt sin.  Cabhróidh eolas ar an gcóras dlí le daltaí a bhféiniúlacht mar shaoránaigh a fhorbairt agus tuiscint níos mó a fháil ar an daonlathas ina mairimid.' An Príomh-Bhreitheamh John L Murray.

Bhronn an Príomh-Bhreitheamh John L. Murray Breathnaímis ar an Dlí, modúl Oideachais Saoránach Sóisialta Polaitiúil (O.S.S.P.) arna fhorbairt ag an Seirbhís Chúirteanna, ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta Mary Hanafin T.D. go hoifigiúil inniu.

Is modúl é Breathnaímis ar an Dlí atá deartha ag an tSeirbhís Chúirteanna i gcomhairliúchán le múinteoirí, daoine gairmiúla sa saol dlí agus an comhordaitheoir náisiúnta don O.S.S.P. ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Is sraith dinimiciúil agus thar a bheith idirghníomhach é a bhfuil sé mar aidhm aige mic léinn a mhúineadh faoi réimsí ar leith den chóras dlí atá againn agus cur ar a gcumas a bheith ina Saoránaigh gníomhacha de chuid na hÉireann chomh maith. Tar éis an modúl seo a chríochnú, beidh corp eolais curtha le chéile ag mic léinn chun cur ar a gcumas triail bhréige a reáchtáil agus tionscadail ghníomhartha eile a eagrú. Múinfidh sé agus cuirfidh sé ar an eolas iad faoin dlí, chun iad a réiteach i gcomhair saol mar shaoránaigh gníomhacha.

Tá dhá cheacht déag sa mhodúl le léaráidí tuairisciúla, ceistneoirí agus gníomhaíochtaí rólghlactha. Tugann an pacáiste múinteoireachta pleananna ceachta céim i ndiaidh céime ar fáil do mhúinteoirí agus nótaí a théann leo le faisnéis bhreise. Tá DVD idirghníomhach ann freisin a chabhraíonn le go leor gnéithe den chóras dlí a shoiléiriú agus a mhíniú. Is féidir an DVD seo a úsáid chun coincheapa a mhíniú agus a thaispeáint go hachomair sula nglacann an rang páirt i ngníomhaíocht a bhaineann leis an gcoincheap sin.

I measc na n-ábhar a chlúdaítear sa mhodúl Breathnaímis ar an Dlí tá:

  • Cé hiad na daoine i Seomra na Cúirte agus na róil atá acu.
  • An difríocht idir an dlí sibhialta agus coiriúil.
  • Struchtúr na gcúirteanna, ón gCúirt Dúiche go dtí an Chúirt Uachtarach.
  • Ord reatha trialach.
  • Ag ceistiú finné - cad iad na ceisteanna gur féidir agus nach féidir a chur.

Níl an modúl seo teoranta dóibh siúd a bhfuil baint acu le O.S.S.P. a mhúineadh amháin, tá cuid mhór ann a bheidh tarraingteach do mhúinteoirí agus mic léinn na hidirbhliana, grúpaí óige agus d'aon duine a bhíonn ag plé le hoideachas do shaoránaigh óga na hÉireann.