Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Preaseisiúintí

04/08/2008

Fíneálacha Ar Líne - Cuntasaíocht ar son an cheartais

Tugann Córas Cuntasaíochta Nua na gCúirteanna deis don phobal a gcuid fíneálacha a íoc go leictreonach. Faigheann sé réidh leis an ngá fíneálacha a íoc ag oifigí cúirte ar leith agus le bearta airgid nó páipéir. Cabhróidh sé chun feabhas a chur ar an bpróiseas bailithe fíneálacha.

Sheol an tSeirbhís Chúirteanna Córas Cuntasaíochta Nua na gCúirteanna inniu a thugann deis do dhaoine fíneálacha a íoc tríd an idirlíon, íocaíochtaí dlí teaghlaigh a íoc go leictreonach, agus roinnt táillí cúirte a íoc ar líne nó le cárta creidmheasa.

Chaití riamh fíneálacha a íoc le seic, ordú poist nó airgead tirim agus é a íoc leis an oifig inar gearradh an fhíneáil. De réir mar a d'aistrigh níos mó daoine ó sheicleabhar go hairgead tirim, cártaí léasair agus creidmheasa, d'éirigh sé ciotach fíneáil a íoc agus bhí ar dhaoine turas a dhéanamh chuig an oifig chun í a íoc le hairgead tirim.

Ní hamháin go dtagann modhanna íocaíochta níos éasca leis an gcóras nua beidh sé an-éifeachtach freisin don tSeirbhís Chúirteanna ó thaobh ama agus airgid de, agus i dtaobh fíneálacha a rianú agus a bhailiú.

Tugann gach feabhas 5% sa ráta bailithe fíneálacha €1.75 milliún isteach. Sábhálfar breis agus €1 milliún in uaireanta oibre go bliantúil.

Baineadh úsáid as an gcóras le roinnt míonna anuas agus tá sé lánfheidhmeach i 13 ionad anois, na príomhionaid daonra san áireamh. Tabharfar isteach i gceithre ionad eile é idir seo agus mí Dheireadh Fómhair. Rollfar amach an córas ar fud na tíre le linn na 12 mhí seo chugainn.

Tugadh aitheantas don tionscnamh seo cheana féin agus fuair sé Dámhachtain an Taoisigh do Shármhaitheas sa tSeirbhís Phoiblí le déanaí.

Tá Córas Cuntasaíochta na gCúirteanna (CCC) i bhfeidhm sna ceantair seo a leanas;

  • Baile Átha Cliath, cathair Chorcaí, cathair na Gaillimhe, cathair Luimnigh, Port Láirge, an Nás, Baile Átha Troim, Muineachán, an Cabhán, Droichead Átha, Sligeach, Bré agus Caisleán an Bharraigh
  • tá oifigí Cúirte Dúiche Loch Garman agus an Longfoirt le bheith beo ag deireadh mhí Lúnasa agus
  • tá an tAonach agus Durlas sceidealta do thús mhí Dheireadh Fómhair.
Glacadh

Glacadh go maith leis an gcóras seo sna ceantair inar seoladh ar bhonn píolótach é, le 70% de na daoine ag roghnú aistriú leictreonach d'íocaíochtaí dlí teaghlaigh, 46% ag baint úsáide as an idirlíon chun táillí éileamh beag a íoc ar líne agus tá €320,000 i bhfíneálacha íoctha ag 1,32 sa bhealach seo cheana.