Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Treoirlínte le haghaidh ... mionnscríbhinn na hArdchúirte a chomhdú

Nasc gaolmhar
Sampla de mhionnscríbhinn

1. Déantar mionnscríbhinní a chomhdú trí phost nó i bpearsa ag Príomh-Oifig na hArdchúirte, Na Ceithre Cúirteanna, Cé na gCúirteanna, Baile Átha Cliath 7.

2. Ba cheart go gcomhdaítear na doiciméid ar pháipéar de mhéid A4.

3. Chun mionnscríbhinn a chomhdú, ba cheart duit an méid a leanas a sheiceáil;

  • Go bhfuil an táille cúirte cheart i gceangal - féach Táillí na Cúirte Uachtaraí, na Cúirte Achomhairc agus na hArdchúirte Sceideal 1 Cuid 4 B

  • An bhfuil an mhionnscríbhinn san fhormáid cheart - féach an nasc leis an sampla thuas

  • Ar chuir tú clúdach faoi stampa is seoladh san áireamh, más tríd an bpost atá tú á comhdú

  • Ar chuir tú dhá chóip den mhionnscríbhinn san áireamh, a chuirfear ar ais chugat

  • Ar chuir tú an clásal comhdaithe san áireamh ag deireadh na mionnscríbhinne 'á comhdú ar son an ghearánaí/an chosantóra, an iarratasóra/an fhreagraí ag ...'

  • Ar chuir tú an uimhir tiafid san áireamh ar bharr an doiciméid sa chúinne ar dheis - mar shampla 2014/0000 P nó 2013/0000 S

  • An bhfuil an giúrád críochnaithe i gceart - féach an nasc leis an sampla thuas

4. Leagtar amach na Rialacha maidir le mionnscríbhinní in Ordú 40 de Rialacha na nUaschúirteanna.

5. Ní ghlacfar le foilseáin agus níor cheart go mbeidís san áireamh sa mhionnscríbhinn.

6. Ní ghlacfaidh an Phríomh-Oifig le seiceanna ná le hairgead tirim i gcás ar bith.

 

Nóta: Ní doiciméad dlíthiúil é seo agus ní cheart a mheas go bhfuil comhairle dhlíthiúil ann. Má tá comhairle dhlíthiúil uait, ba cheart duit dul i gcomhairle le haturnae.

 

 

____________________________________________________
Rinneadh nuashonrú ar an leatheanach seo ar an: 7 Marta 2017