Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Preaseisiúintí

20/07/2011

Tá leathnú ar an gCúirt Chóireála Drugaí comhaontaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an tSeirbhís Chúirteanna

Ionas gur féidir le líon níos mó daoine a bheith rannpháirteach sa Chúirt Chóireála Drugaí, tá sé comhaontaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an tSeirbhís Chúirteanna na daoine seo a leanas a ligean isteach: (a) daoine a bhfuil cónaí orthu i ngach limistéar i gCo. Bhaile Átha Cliath ar an taobh ó thuaidh d’abhainn na Life agus (b) daoine a bhfuil cóir leighis á cur orthu in Ionad Cóireála Drugaí Shráid an Chaisleáin, ina gcuirtear seirbhísí ar fáil do dhaoine a bhfuil seoltaí acu i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Tá an Chúirt Chóireála Drugaí ag feidhmiú ó 2000 i leith agus go dtí seo níor fhéad sí a ghlacadh ach le daoine a bhfuil seoltaí acu i mBaile Átha Cliath 1, 3 agus 7.

Cuirfear an síneadh ar an limistéar a chlúdaítear leis an gCúirt Chóireála Druga i bhfeidhm ar bhonn píolótach ón tseachtain seo ar feadh sé mhí. Déanfar measúnú ina dhiaidh sin chun a bhreithniú cibé an bhfuil nó nach bhfuil sé d’acmhainn ann chun í a leathnú amach do dhaoine ón gcuid eile de chontae Bhaile Átha Cliath. Leanfar ar aghaidh le leithroinnt na n-acmhainní a sholáthraítear cheana féin don Chúirt.

Ag fáiltiú dó roimh an síneadh ar limistéar na Cúirte, dúirt an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an tUasal Alan Shatter T.D.: "Tá áthas orm a fháil amach go mbeidh an Chúirt Chóireála Drugaí in ann déileáil le ciontóirí ó limistéir i bhfad níos leithne anois. Bhí tacaíocht agus comhoibriú Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ríthábhachtach ionas go bhféadfaí an tionscnamh luachmhar seo a leathnú, a thabharfaidh an deis don Chúirt leas iomlán a bhaint as a cumas oibriúcháin".

Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse Cúirteanna, an tUasal Brendan Ryan, i ndáil le leathnú na cúirte: "Déantar go leor daoine a tharrtháil ó mhallacht na handúile mar thoradh ar iarrachtaí bhreithimh na Cúirte Cóireála Drugaí agus a baill foirne. Is iomaí duine eile a sheachain an gortú a bheadh bainte mura mbeifí tar éis a dhul i ngleic leis na cásanna andúile sin. Tá áthas orm go dtairgfear seirbhísí dírithe, sruthlínithe do líon níos daoine faoin tionscnamh seo. Creidim go dtugtar fíordheis athshlánúcháin leis an cur chuige samhlaíoch agus uathúil seo - chun an duine aonair a shocrú ar ais isteach sa tsochaí - mar bhall tairbhiúil don phobal".