Treoirlínte le haghaidh ... láithreas san Ardchúirt a thaifeadadh
Foirm is ea láithreas (ar a dtugtar Meabhrán Láithreas go Ginearálta) a chomhdaítear i bPríomh-Oifig na hArdchúirte.
Cén fáth láithreas a thaifeadadh?
Téarma is ea 'láithreas a thaifeadadh' a chiallaíonn go simplí go bhfuil sé i gceist agat an cás a chosaint. Nuair a dhéantar duine a sheirbheáil le toghairm, is é an chéad chéim chun an toghairm a chosaint ná láithreas a thaifeadadh. Is faoin duine aonair atá sé a chinneadh an bhfuil siad ag iarraidh an cás a chosaint.
1. Déantar láithris a chomhdú trí phost nó i bpearsa ag Príomh-Oifig na hArdchúirte, Na Ceithre Cúirteanna, Cé na gCuirteanna, Baile Átha Cliath 7.
2. Ní mór doiciméid a chomhdaítear a bheith ar pháipéar de mhéid A4.
3. Chun an láithreas a chomhdú ba cheart duit an méid a leanas a sheiceáil;
- Go bhfuil an táille cúirte cheart ag gabháil - féach Táillí na Cúirte Uachtaraí, na Cúirte Achomhairc agus na hArdchúirte Sceideal 1 Cuid 4 B
- Go bhfuil an láithreas san fhormáid cheart - de réir mar a leagtar amach sa nasc thuas
- Go bhfuil trí chóip de do láithreas agat - cuirfear dhá chóip ar ais chugat
- Go bhfuil clúdach faoi stampa is seoladh san áireamh agat más tríd an bpost atá tú ag comhdú an láithris
- Go bhfuil an uimhir taifid san áireamh ar bharr an doiciméid sa chúinne ar dheis - mar shampla 2014/0000 P nó 2013/0000 S
4. Ní mór go seirbheálfar an doiciméad láithris ar aturnae an ghearánaí nó ar an ngearánaí féin más rud é gur eisigh an gearánaí an toghairm go pearsanta. Is féidir leat an láithreas a sheirbheáil ar an aturnae trí phost nó ar an ngearánaí a d'eisigh an toghairm i bpearsa.
5. Más rud é go ndéantar toghairm iomlánach a sheirbheáil ort ba cheart go n-iarrtar i do láithreas go seolfar 'ráiteas éilimh' chugat. Féach sampla meabhrán láithris go ginearálta.
6. Tá rialacha ann lena leagtar amach céard is féidir agus nach féidir leat a dhéanamh maidir le láithreas - féach ordú 12 de Rialacha na nUaschúirteanna.
Nóta: Ní doiciméad dlíthiúil é seo agus ní cheart a mheas gur comhairle dhlíthiúil atá inti. Más rud é go bhfuil comhairle dhlíthiúil uait ba cheart duit dul i gcomhairle le haturnae.
___________________________________________________
Rinneadh nuashonrú ar an leatheanach seo ar an: 7 Márta 2017