Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Preaseisiúintí

20/04/2009

Finnéithe Óga chun leas a bhaint as DVD nua a rinneadh

Tá an tSeirbhís Chúirteanna tar éis faisnéis a fhorbairt den chéad uair d'fhinnéithe óga. Déanfaidh DVD nua, 'Ag dul chun Cúirte', an próiseas cúirte a mhíniú agus a shimpliú d'fhinnéithe óga i gcásanna cúirte.

Rinneadh tástáil ar an DVD seo agus an leabhrán mínithe a ghabhann leis i seomraí scoile. Taispeánfar den chéad uair é ag glaoch do na meáin Inniu Dé Luain an 20 Aibreán - áit a bhronnfar é ar an Uas. Fergus Finlay, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na heagraíochta do leanaí, Barnados.

Sonraí; Cuirfidh Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse Cúirteanna, an tUas. Brendan Ryan, an DVD nua 'Ag dul chun Cúirte' i láthair Dé Luain an 20 Aibreán ag 1.00 i.n. ar an gcúigiú urlár, Teach an Fhionnuisce, Sráid an Fhionnuisce Thuaidh, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7. Bronnfar an DVD ar Barnados le go mbainfidh an eagraíocht úsáid as chun cur ar chumas daoine óga a bheith páirteach i bpróiseas na cúirte. Scaoilfear Staitisticí ar leith maidir le leanaí roimh na Cúirteanna ag an seoladh.

Is treoir atá sa léiriúchán seo ar an méid a bhíonn ar siúl sa chúirt, cé hiad na daoine sa seomra cúirte, conas a oibríonn nasc físe, cad é an mionn, cá mbeidh tú i do shuí agus a bhfuil le déanamh ag duine óg atá ina f(h)inné.

Is é an rud is tábhachtaí ná go dtugann sé deis do fhinnéithe óga féideartha cur amach a fháil ar an bpróiseas cúirte. Molann sé freisin cuairt a shocrú ar an gcúirt, nó ar cheann atá in aice leat, agus ceist a chur maidir le conas a oibríonn nasc físe roimh ré ionas go mbeidh a fhios agat cad a bheidh romhat ar an lá.
Is bealach maith é an taithí roimh ré seo maidir le cad a tharlaíonn sa chúirt chun fáil réidh leis an neirbhís nádúrtha, ach an-láidir mar sin féin, is féidir a bheith ar dhaoine óga agus orainn ar fad má iarrtar orainn fianaise a thabhairt.

Beidh an DVD ar fáil trí eagraíochtaí stáit, ceartais agus deonacha a bhíonn ag plé le daoine óga a bhfuil baint acu le córas na gcúirteanna agus cuirfear suas ar ár láithreán gréasáin é. Sa tseachtain atá ag teacht, déanfar é a uaslódáil freisin ar Youtube, agus ar leathanaigh na Seirbhíse Cúirteanna ar Facebook agus Bebo.