Treoirlínte le haghaidh ... thoghairm iomlánach Ardchúirte a eisiúint
Úsáidtear toghairm iomlánach i gcásanna a n-éistfear fianaise bhéil.
Is toghairm réamhshocraithe toghairm iomlánach agus úsáidtear í i ngach cás a bhfuil toghairm achomair, toghairm speisialta nó toghairm díobhála pearsanta riachtanach go sonrach.
Soláthraíonn Rialacha na nUaschúirteanna Aguisín A Cuid 1 Uimh. 1 leagan amach na toghairme iomlánaí.
A bhfuil ag teastáil i dtoghairm iomlánach
Leathanach a haon
- Cuirtear an teideal 'Toghairm Iomlánach' sa lár ar barr an leathanaigh.
- Ba cheart go leagtar teideal an cháis amach mar seo a leanas
|
Idir
..... Gearánaí / Gearánaithe
agus
.... Cosantóir
|
Ba cheart ainmneacha na ngearánaithe agus na gcosantóirí a scríobh amach go hiomlán
- mar shampa, Ann Black agus Barry Black (ní Ann agus Barry Black) agus ní cheart go n-úsáidtear teidil amhail an tUasal nó an Dr.
- Ná cuir dáta na heisiúna isteach (i ndiaidh ainm an Phríomh-Bhreithimh) - tabharfaidh Príomh-Oifig na hArdchúirte é seo duit.
Leathanach a dó
- Is é 'Formhuiniú Ginearálta an Éilimh' teideal an leathanaigh seo. Leagtar amach sonraí an teidil - atá ina sonraí sa chás - anseo.
- Soláthraíonn Aguisín B Cuid II an fhormáid maidir le formhuiniú ginearálta an éilimh.
- Ba cheart go n-úsáidtear ordú 1 agus ordú 4 de Rialacha na nUaschúirteanna chun cuidiú leis an gcuid seo den toghairm a líonadh.
- Ag deireadh fhormhuiniú an éilimh ba cheart go sínítear an toghairm ag aturnae an ghearánaí nó ag an ngearánaí más rud é go bhfuil ionadaíocht á déanamh aige/ aici ar a s(h)on.
Leathanach a trí
- Ba cheart an fhaisnéis seo a leanas a chur anseo;
'Eisíodh an toghairm ag cuir ainm gnólacht aturnaetha anseo áit chláraithe ghnó cuir seoladh an dlíodóra anseo aturnae don ghearánaí a chónaíonn ag cuir seoladh an ghearánaí anseo a oibríonn mar cuir slí beatha an ghearánaí anseo'
(más rud é go bhfuil an gearánaí fireann agus nach bhfuil slí beatha aige, ba cheart an focal 'fear uasal' a úsáid. Más rud é go bhfuil an gearánaí baineann agus nach bhfuil slí beatha aici, d'fhéadfaí an focal 'bean tí' a úsáid)
NÓ
'Eisítear an toghairm seo ag an ngearánaí é/í féin a chónaíonn cuir sealadh an ghearánaí anseo agus a oibríonn mar cuir slí beatha an ghearánaí anseo'
(más rud é go bhfuil an gearánaí fireann agus nach bhfuil slí beatha aige, ba cheart an focal 'fear uasal' a úsáid. Más rud é go bhfuil an gearánaí baineann agus nach bhfuil slí beatha aici, d'fhéadfaí an focal 'bean tí' a úsáid)
- Nuair a dhéantar toghairm a sheirbheáil ar chosantóir ba cheart go ndéantar taifead na toghairme sin ar an tseirbheáil sin. Déantar é seo laistigh de 3 lá na seirbheála ag an duine a dhéanann an toghairm.
- Ba cheart formhuiniú na seirbheála a chur anseo:
'Rinne mé an tseirbheáil seo ar an gcosantóir ag cuir áit na seirbheála anseo ar an (cuir an dáta anseo) de (cuir an mhí agus an bhliain anseo)
Sínithe: (síníonn an duine a sheirbheáil an toghairm anseo)
Seoladh (cuir seoladh an duine a sheirbheáil an toghairm anseo)'
Leathanach a ceathair
Cuirtear ainm agus seoladh an aturnae ag bun an leathanaigh (tá sé seo ar an leathanach chúil den doiciméad). Más rud é go ndéantar an toghairm a eisiúint ag an ngearánaí i bpearsa, ba cheart seoladh an ghearánaí a sholáthar.
An toghairm iomlánach a eisiúint i i bPríomh-Oifig na hArdchúirte
1. Comhdaítear agus eisítear an toghairm iomlánach sa phost, nó i bpearsa ag Príomh-Oifig na hArdchúirte, Na Ceithre Cúirteanna, Cé na gCúirteanna, Baile Átha Cliath 7.
2. Ba cheart go mbeadh na doiciméad chomhdaithe a chur a leathanach A4
3. Chun toghairm iomlánach Ardchúirte a eisiúint ba cheart duit an méid seo a leanas a sheiceáil;
- Tá an táille cúirte cheart íoctha agat
- Más rud é go bhfuil tú á híoc sa phost ba cheart clúdach réamhíoctha agus do sheoladh air a chur leis
- Tá an toghairm iomlánach san fhormáid cheart de réir mar a leagtar amach san fhoirm Aguisín A Cuid I Uimh. 1
- Tá tú tar éis trí chóip den toghairm iomlánach s'agat a chur léi, dúnfar ceann dóibh agus seolfar é ar ais chugat - aithnítear seo mar an 'toghairm bhunaidh' agus ba cheart é a choinneáil. Ba cheart cóip amháin den toghairm a úsáid chun an cosantóir a sheirbheáil agus coimeádfar ceann san oifig.
- Tá na treoirlínte maidir céard a tharlaíonn nuair a tá toghairm eisithe agat léite agat.
Nota:
Clúdaíonn an seicliosta seo faisnéis maidir le nósanna imeachta amháin, beidh machnamh sa bhreis ag teastáil ag cásanna ar leith.
Leagann sé na bunriachtanais is ísle i Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986).
Leagtar sonraí maidir le táillí cúirte amach in Ordú um Tháillí na Chúirte Uachtaraí, na Cúirte Acomhairc agus na hArdchúirte.
Nóta: Ní doiciméad dlíthiúil é seo agus ní cheart a mheas gur comhairle dhlíthiúil atá inti. Más rud é go bhfuil comhairle dhlíthiúil uait ba cheart duit dul i gcomhairle le haturnae.
____________________________________________________
Rinneadh nuashonrú ar an leatheanach seo ar an: 7 Márta 2017