Fógraí um Shuíonna
An Mhí: Cúirt Cuarda
Nasc gaolmhar
Oifig Cúirte Bhaile Átha Troim
An Chúirt Chuarda - Cuaird an Oirthir
De bhun na gcumhachtaí a dílsíodh dom faoi alt 10 d’Acht Cúirteanna Breithiúnais 1947, agus trí chumhachtaí eile a bronnadh orm, agus tar éis dul i gcomhairle le buanbhreitheamh Cuaird an Oirthir, ordaímse, Raymond Groarke, Uachtarán na Cúirte Cuarda, an méid seo a leanas:
1. Go reachtálfar suí speisialta Cúirte Cuarda Bhaile Átha Troim Dé Céadaoin an 9ú Lúnasa 2017 agus leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh pé tréimhse a bheidh ag teastáil chun dul i ngleic le gnó a chuirtear chuig Baile Átha Troim.
2. Go reachtálfar suí speisialta Cúirte Cuarda Bhaile Átha Troim Dé Luain an 11ú Meán Fómhair 2017 agus leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh pé tréimhse a bheidh ag teastáil chun dul i ngleic le gnó a chuirtear chuig Baile Átha Troim.
2. Go bhfoilseofar an tordú seo chomh luath agus is féidir ar www.courts.ie.
Arna dhátú an 11ú lá seo de mhí Iúil 2017
Raymond Groarke
Uachtarán na Cúirte Cuarda