Fógraí um Shuíonna
An Clár: Cúirt Cuarda
Nasc gaolmhar
Oifig Cúirte Inis
An Chúirt Chuarda - Cuaird an Iar Dheisceart
De bhun na gcumhachtaí a dílsíodh dom faoi alt 10 d'Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1947, agus trí chumhachtaí eile a bronnadh orm, agus tar éis dul i gcomhairle le buanbhreitheamh Cuaird an Iar Dheisceart, ordaímse, Raymond Groarke, Uachtarán na Cúirte Cuarda, an méid seo a leanas:
1. Go reachtálfar suí speisialta Cúirte Cuarda Inis Dé Máirt 12 Meán Fómhair 2017 agus leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh pé tréimhse a bheidh ag teastáil chun dul i ngleic le haon ghnó a chuirtear chuig Inis.
2. Go reachtálfar suí speisialta Cúirte Cuarda Inis Dé Luain 25 Meán Fómhair 2017 agus leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh pé tréimhse a bheidh ag teastáil chun dul i ngleic le haon ghnó a chuirtear chuig Inis.
3. Go bhfoilseofar an tordú seo chomh luath agus is féidir ar www.courts.ie.
Arna dhátú an 11ú lá seo de mhí Iúil 2017
Raymond Groarke
Uachtarán na Cúirte Cuarda