Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Preaseisiúintí

14/02/2008

Cásanna Foréigin Teaghlaigh le héisteacht i dtimpeallacht atá feabhsaithe go mór.

Áiseanna Dlí Teaghlaigh oscailte tar éis athchóiriú €4 milliún ar Theach an Charnáin

"Tá sé de cheart ag úsáideoirí na cúirte ar fad agus ag a gcuid teaghlaigh cóiríocht agus áiseanna oiriúnacha a bheith acu. Tá tábhacht ar leith ag baint leis seo i gcás dlí teaghlaigh. Tá sé ríthábhachtach áiseanna agus cóiríocht cúirte a bheith ann a bhfuil meas acu ar phríobháideacht agus dínit na n-iarrthóirí dlí teaghlaigh agus tá feabhsúcháin suntasacha déanta ag Teach an Charnáin." - Breitheamh Gerard Furlong

Osclóidh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, Brian Lenihan TD, an teach cúirte nuachóirithe i dTeach an Charnáin, Sráid Essex Thoir, Baile Átha Cliath inniu, Déardaoin 14 Feabhra ag 4:45 i.n. Déanfaidh an Breitheamh Gerard Furlong ionadaíocht ar son bord na Seirbhíse Cúirteanna - agus beidh sé i gceannas ar an ócáid.

Agus é mar shuíomh den scoth i lár na cathrach ó dheireadh an naoú haois déag, tá Teach an Charnáin ag freastal anois mar áis atá dírithe ar Dhlí Teaghlaigh amháin, ag cur na háiseanna 21ú haois atá tuillte ag úsáideoirí na cúirte ar fáil. Tá roinnt athruithe i gceist sa nuachóiriú seo atá dírithe ar dhínit agus príobháideacht na n-úsáideoirí cúirte a choinneáil, daoine gur féidir leo brúnna suntasacha a bheith orthu le linn cásanna dlí teaghlaigh - ina féidir le fir agus mná a bheith ag cuartú rochtana, coimeád nó caomhnóireacht leanaí, nó orduithe sábháilteachta nó urchoisc i gcásanna foréigin teaghlaigh.

Na hÁiseanna Nua:

Tá sé ríthábhachtach áiseanna agus cóiríocht cúirte a bheith ann a bhfuil meas acu ar phríobháideacht agus dínit na n-iarrthóirí dlí teaghlaigh. Comhlíonann na háiseanna nua ag Teach an Charnáin an riachtanas seo. I measc na háiseanna nua atá ann tar éis an t-athchóiriú cuimsitheach ar an bhfoirgneamh tá:

  • Cúig sheomra cúirte agus Dlísheomraí na mBreithiúna méadaithe nua
  • Limistéir ar leithligh i gcomhair iarratais/fiosruithe dlí teaghlaigh agus íocaíochtaí
  • Seomra do chleachtóirí dlí
  • Oifig don Bhord um Chúnamh Dlíthiúil, a bheith i láthair san ionad ar bhonn seasta
  • Seomraí comhairliúcháin breise
  • Limistéar feithimh, deasc fáiltithe agus comharthaí nua chun rochtain a fheabhsú
  • Scáileán faisnéise ag taispeáint liosta laethúil na gcásanna agus a stádas
  • Pointe faisnéise ina bhfuil réimse leathan leabhráin agus bileoga d'úsáideoirí na cúirte
  • Bealach isteach do chách
  • Trí sheomra agallaimh.
  • Slándáil feabhsaithe
  • Seomra chun príosúnaigh a choinneáil
  • Córas aerála uasghrádaithe, seomra friothála ar naíonáin, agus meaisín ag cur sóláistí ar fáil


Is féidir le daoine atá ag teacht roimh na cúirteanna anseo anois é sin a dhéanamh i dtimpeallacht a thugann meas d'íogaireacht agus rúndacht na n-iarrthóirí dlí teaghlaigh. Ba chóir go mbeadh timpeallacht oibre nua-aimseartha ag na breithiúna atá ag éisteacht leis na cásanna, foireann na cúirte agus an ghairm dlí freisin leis na háiseanna agus tacaíochtaí oiriúnacha.

Caomhnú

Rinneadh athmhúnlú iomlán taobh istigh de Theach an Charnáin nuair a tiontaíodh ina theach cúirte é ag deireadh na 70í. Rinne an t-athchóiriú is déanaí iarracht an taobh amuigh stairiúil de Theach an Charnáin a chaomhnú. Tá an bháfhuinneog oriel trí stór a théann suas ó bhealach isteach an fhoirgnimh fós in áit, mar a gcéanna leis na hoscailtí fuinneoige cearnógacha i mbricí dearga.

Stair

Is teach sraithe Victeoiriach ceithre stór i mbrící dearga, le deich mbá é Teach an Charnáin a tógadh sna 1890í ar dhearadh leis an ailtire J.J. O'Callaghan. Sular tiontaíodh ina theach cúirte é bhí an suíomh in úsáid mar Óstán agus Bialann an Charnáin.