Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Preaseisiúintí

17/12/2007

Osclaíonn Teach Cúirte Mhainistir Fhear Maí in Ionad Cathartha a chosain €7 milliún

Osclóidh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, Brian Lenihan TD, an teach cúirte athchóirithe i Mainistir Fhear Maí go hoifigiúil inniu, Dé Luain 17 Nollaig ag 12.00 meán lae. Beidh an tOnórach, an Breitheamh Patrick Moran - a bheidh i gceannas ar an ócáid - i láthair mar ionadaí ar son Bhord na Seirbhíse Cúirteanna.

Rinneadh athchóiriú ar an teach cúirte, atá anseo i Mainistir Fhear Maí ó 1808 i leith, chun áiseanna atá feabhsaithe go mór a sholáthar don phobal. Agus é ina chuid de choimpléasc cathartha tiomanta an bhaile, cuireann an foirgneamh feabhsaithe dhá sheomra cúirte, seomra dlí teaghlaigh agus seomra tacaíochta d'íospartaigh ar fáil anois. Tugann an tionscadal seo ómós d'ionracas an struchtúir a bhí ann cheana féin, agus coinníonn sé é, ach ag an am céanna comhlíonann sé riachtanais na 21ú haoise maidir le slándáil, rochtain do chách agus sábháilteacht dóiteáin.

Na hÁiseanna Nua:

Cuireann an foirgneamh nua, a bhfuil rochtain ag gach duine air, níos mó cóiríochta agus áiseanna ar fáil ná mar a bhí ann cheana. Cuimsíonn an chóiríocht:

  • dhá sheomra cúirte,
  • dlísheomraí na mbreitheamh,
  • seomra dlí teaghlaigh,
  • seomra tacaíochta d'íospartaigh,
  • seomraí comhairlithe/feithimh,
  • Cóiríocht nua do phríosúnaigh - cealla agus seomra agallaimh daingnithe san áireamh ? le cóiríocht don Gharda Síochána agus don tSeirbhís Phríosúin.


Cuirfidh an pháirceáil slán agus an chóiríocht cille atá san áireamh san fhoirgneamh sínte leis na húsáidí éagsúla a bhainfear as an bhfoirgneamh. Cuirfidh sé seo ar chumas na gcúirteanna Dúiche agus Cuarda i bhfad níos mó dá ngnó a stiúradh i Mainistir Fhear Maí. Cuireann an áis nua an phríobháideacht, an compord agus an dínit ar fáil lena mbíonn úsáideoirí cúirte ag súil, agus a mbíonn siad i dteideal, i dteach cúirte nua-aoiseach.

Caomhnú

Thug an próiseas athchóirithe aird ar charachtar, cháilíocht agus freacnarcas an fhoirgnimh, atá ann le 200 bliain anuas, agus choinnigh siad na tréithe seo ann. Baineadh amach an póirse chun colbha an dorais a thaispeáint, arna dhearadh ag Gibbs, agus caomhnaíodh na doirse agus fuinneoga saise adhmaid chomh maith.

Dearadh na codanna nua den choimpléasc, arna n-úsáid ag na húdaráis chathartha, chun an íomhá chomhaimseartha de Sheirbhís phoiblí nua-aoiseach san 21ú haois a léiriú. Taispeánann an foirgneamh athchóirithe oirirceas soiléir, a léiríonn meas ar thraidisiún agus tiomantas do nuachóiriú.

Seasann an Teach Cúirte anois mar chuid thábhachtach agus athchóirithe d'oidhreacht ailtireachta agus stairiúil Mhainistir Fhear Maí.

Stair

Thóg John Anderson agus Archibald Grubb teach cúirte Mhainistir Fhear Maí agus cuireadh suas ar an taobh thoir den bhaile é i 1808. Cé go bhfuil athrú mór tagtha ar an bhfoirgneamh le 200 bliain anuas, tá a lán de na tréithe céanna fós ann is a bhí ann sna blianta luaithe. Creidtear gurb é an buntroscán atá sa seomra cúirte agus tá an t-áiléar amhairc suntasach go háirithe. Tá síleálacha ar airde dúbailte an tí cúirte déanta as adhmad painéalta, brataithe.