Iarrtar ar chleachtóirí leabhar ceangailte leis na doiciméid seo a leanas a chur isteach leis an gcláraitheoir 7 lá roimh an éisteacht ar fhógra foriarratais d'athbhreithniú breithiúnach:
(i) Cóip den fhógra foriarratais
(ii) Cóip den Ordú ag tabhairt cead iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach
(iii) Cóip den ráiteas ag bunú an iarratais
(iv) Cóip Ráitis ag deimhniú an ráitis
(v) Foilseáin den chóip
(vi) Cóip de ráiteas an fhreasúra (más ann)
(vii) Cóip den mhionnscríbhinn ag deimhniú ráiteas an fhreasúra (más ann)
(viii) Mionnscríbhinn de sheirbhís pearsanta foriarratais, ráiteas, mionnscríbhinn agus ordú ag tabhairt cead, ar gach páirtí a bheith seirbheáilte (Ordú 84 R.22(5))
(ix) In iarratais ar prduithe certiorari cóip den ordú/chinneadh agus beidh ábhar an iarratais deimhnithe ag mionnscríbhinn (mura bhfuil sé léirithe cheana thuas). Féach Ordú 84 R.26(2))
Déanfar glaoch-rolla gach Déardaoin ar na cásanna atá liostaithe don tseachtain dár gcionn. Éilítear ar pháirtithe freastal ar an nglaoch-rolla sin agus tabhairt le fios cibé an bhfuil an cás ag leanúint ar aghaidh nó nach bhfuil agus cibé ar comhlíonadh na treoracha cleachtais thuas nó nár comhlíonadh. Scriosfar cásanna nach mbíonn aon pháirtí i láthair acu.