Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Fógraí

30/03/2015

An Dialann Dlí - an leagan in-íoslódála

Chuireamar críoch leis an athbhreithniú ar an leagan in-íoslódála den Dialann Dlí agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leo siúd a rinne teagmháil linn faoi sin.

Aithnímid gur acmhainn luachmhar í do roinnt mhaith daoine dialann in-íoslódála i bhformáid atá furasta a chuardach agus is ar an gcúis sin nach bhfuilimid ag cur deireadh lena dtáirgeadh. Táimid ag déanamh athruithe ar an bhformáid atá ann faoi láthair, áfach, ar mhaithe leis an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní inmheánacha agus muid ag tacú le léitheoirí na dialainne dlí i gcónaí.

Le héifeacht ó thús shuíonna na Cásca (Dé Luain, an 13 Aibreán 2015), leanfaimid orainn ag cur an eolais is deireanaí ar fáil i bhformáid in-íoslódála faoina hábhair a bhí i gCuid 1 den dialann dlí in-íoslódála go dtí seo. Cuirfear an leagan sin ar fáil i bhfoirm Word agus PDF ar mhaithe le héascaíocht úsáideoirí na gcineálacha gléis ar fad agus beidh na liostaí seo a leanas san áireamh:

An Chúirt Uachtarach
An Chúirt Achomhairc - Sibhialta
An Chúirt Achomhairc - Choiriúil
An Chuirt Achomhairc Choiriúil
An Phríomh-Chúirt Choiriúil
'Cásanna An Lae Inniu'
Seansaireachta
Liosta Trachtála
Liosta Iomaíocht
Eiseachadadh
An Dlí Teaghlaigh
Athbhreithniú Bhreithúnach
Faoi Bhráid an Mháistir
Athbhreithniú Bhreithúnach: Baile Átha Cliath
Díobhail Phearsanta: Baile Átha Cliath
Oifig Na Máistri Fomhais