Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Cúirt: An Chúirt Achomhairc Choiriúil
Ábhar: Ionadaíocht cliant in imeachtaí dlí
Catagóir: Coiriúil

SC11 - Comhphobail Eorpacha (Saoirse um Sholáthar Seirbhísí (Dlíodóirí) Rialacháin, 1979 - 2004

1. Baineann an treoir chleachtais seo le haon dlíodóir ar mian leis/léi tabhairt faoi ghníomhaíochtaí sa Stát maidir le hionadaíocht a dhéanamh ar chliant in imeachtaí dlí os comhair na Cúirte Uachtaraí nó na Cúirte Achomhairc Choiriúil mar dhlíodóir cuairte faoi bhrí na rialachán thuasluaite.

2. Chun a cháilíocht mar dhlíodóir a chruthú de réir Rialacháin 7(1) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saoirse um Sholáthair Seirbhísí) (Dlíodóirí), 1979 ("Rialacháin 1979"), beidh ar aon dlíodóir dá leithéid ("an dlíodóir cuairte") an nós imeachta a leanas a chomhlíonadh:

3. Comhdóidh an dlíodóir cuairte, leis an gcúirt chuí, mionnscríbhinn a mionnaíodh roimh aturnae a chleachtann nó roimh choimisinéir mionnaí, sa tír seo (arbh fhéidir gurb é an dlíodóir lena bhfuil sé nó sí ag obair de réir na rialachán) ina dteistítear mar a leanas:

(a) Ballstát an Aontais Eorpaigh ina bhfuil sé nó sí bunaithe mar dhlíodóir agus an teideal gairmiúil a bhfuil sé i dteideal a úsáid de réir na Rialachán.

(b) ainm na hollscoile nó na hinstitiúide óna bhfuair sé nó sí cáilíochtaí dlí, lena n-áirítear an bhliain agus teideal na céime dlí a bronnadh.

(c) ainm agus seoladh, agus mionsonraí iomlána an údaráis inniúil faoina bhfuil sé nó sí i dteideal cleachtadh sa Bhallstát i gceist. Léireoidh an mhionnscríbhinn fianaise dhoiciméadach ón údarás sin go bhfuil sé nó sí i dteideal cleachtadh mar dhlíodóir mar aon le haon eolas cuí eile a thaispeánann go bhfuil sé nó sí i dteideal cleachtadh sa Bhallstát.

4. Ba chóir an mhionnscríbhinn a thaisceadh le cláraitheoir na cúirte mar aon le mionsonraí an dlíodóra atá i dteideal cleachtadh os comhair na cúirte agus lena bhfuil an dlíodóir AE ag obair de réir Rialacháin 6 de Rialacháin 1979.

5. Ón uair a thaisctear mionnscríbhinn dá leithéid i dtaca le himeachtaí ar leith, ní bheidh gá le haon mhionnscríbhinn eile ón dlíodóir cuairte maidir le haon imeachtaí eile ina dhiaidh sin mura dtreoraíonn an chúirt a mhalairt. I ngach cás áfach, ba chóir an cláraitheoir a chur ar an eolas faoin dlíodóir atá i dteideal cleachtadh os comhair na cúirte agus lena bhfuil an dlíodóir cuairte ag obair.

Ar a rogha féin, agus cúinsí na cúise á gcur san áireamh aici, is féidir leis an gcúirt éisteacht le dlíodóir cuairte ar fheitheamh chomhdú a mhionnscríbhinne nó treoracha eile a eisiúint i leith na ceiste seo.

John L. Murray
Príomh-Bhreitheamh
22 Bealtaine, 2006