Fógraí um Shuíonna
An Iarmhí: Cúirt Cuarda.
Nasc gaolmhar
Oifig Cúirte An Mhuilinn Chearr
An Chúirt Chuarda - Cuaird Lár Tíre
De bhun na gcumhachtaí a dílsíodh dom faoi alt 10 d'Acht Cúirteanna Breithiúnais 1947, agus trí chumhachtaí eile a bronnadh orm, agus tar éis dul i gcomhairle le buanbhreitheamh na Cuarda Lár Tíre, ordaímse, Raymond Groarke, Uachtarán na Cúirte Cuarda, an méid seo a leanas:
1. Go mbeidh Teach Chúirte Bhaile Átha Luain mar ionad chúirte don Chúirt Chuarda i gcomhair gach gnó sibhialta agus gach gnó teaghlaigh a chuirtear chuig An Mhuileann gCearr agus Baile Átha Luain ach amháin ar na laethanta nuair a bhfuil an Chúirt Dúiche sceidealta chun suí i mBaile Átha Luain nuair a bheidh suíonna na Cúirte Cuarda ar siúl sa Mhuileann gCearr.
2. Beidh an tordú seo i bhfeidhm ó 1 Aibreán 2016.
3. Go bhfoilseofar an tordú seo chomh luath agus is féidir ar www.courts.ie.
Arna dhátú an 15ú lá seo de mhí Márta 2016
Raymond Groarke
Uachtarán na Cúirte Cuarda