Cúirt: Uachtarach
Ábhar: Achomhairc
Catagóir: Sibhialta
SC13 - Achomhairc agus cásanna sonraithe
1. An córas achomhairc.
(a) Tá sé de dhualgas ar an achomharcóir nó an páirtí ar cúram leis/léi na himeachtaí os comhair na Cúirte Uachtaraí féachaint chuige go leanfar de na céimeanna éagsúla os comhair na cúirte laistigh d'achar réasúnta nó i rith an achair a leagtha síos ag rial nó treoir chleachtais. Tá dualgas mar é ar an bhfreagróir nó aon pháirtí eile maidir leis na céimeanna a bhaineann lena c(h)uid féin de na himeachtaí. Má tharlaíonn sé go gcuirtear as do pháirtí amháin de bharr an pháirtí eile a bheith ag tarraing na gcos ina d(h)iaidh maidir le himeachtaí atá os comhair na cúirte, agus murar féidir an mhoill a réiteach trí chomhaontú idir an dá pháirtí, ba chóir don chéad pháirtí cibé iarratas atá riachtanach a dhéanamh chun na cúirte agus é a dhéanamh laistigh d'achar réasúnta.
(b) Mura ngéilltear do threoir chleachtais na cúirte d'fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar cheist chostais.
(c) Má tharlaíonn sé nach leantar d'achomharc toisc go dtagann na páirtithe ar réiteach eatarthu féin nó ar fáth éigin eile ba chóir don achomharcóir Oifig na Cúirte Uachtaraí a chur ar an eolas faoi go tapa.
2. Fógra achomhairc.
(a) Nuair a tharlaíonn sé go bhfuil am breise ag teastáil chun fógra achomhairc a thaisceadh nó a sheirbheáil go déanach, ní mór cead an fhreagróra a iarradh ar dtús maidir leis an síneadh ama seo. Ní cóir an cead sin a dhiúltú mura mbíonn fáthanna suntasacha ann lena dhéanamh.
(b) Ba chóir na forais atá leis an achomhairc a leagadh amach go soiléir beacht. Ba chóir athrá gan gá a sheachaint agus gan leaganacha éagsúla a sholáthar den phointe céanna achomhairc.
3. (i) Leabhair achomhairc.
(a) Ba chóir gach cháipéis sna leabhair achomhairc a bheith soléite agus iomlán. Ba chóir a dhéanamh cinnte le linn cóipeála nach bhfágfar leathanaigh iomlána nó codanna díobh ar lár.
(b) Ní cóir ach cáipéisí a bhaineann leis an achomharc a chur sna leabhair.
(c) Caithfear foilseáin a tugadh ar aird mar fhianaise sa triail agus a bhaineann le saincheisteanna an achomhairc, m.sh. tuarascálacha leighis, léarscáileanna agus grianghraif, a chur san áireamh sna leabhair achomhairc freisin.
(d) Ba chóir innéacsú a dhéanamh ar fhoilseáin atá bainteach don achomharc a bhfuil tagairt dóibh i mionnscríbhinní trí thagairt a dhéanamh dá n-ábhar agus ní d'uimhir nó litir an fhoilseáin amháin.
(e) Ba chóir ábhar ginearálta an leabhair agus uimhir an leabhair, nuair is cuí, a aithint ar chlúdach an leabhair achomhairc agus ar an droim, nuair is féidir.
(ii) Ní mór do na páirtithe, agus go háirithe an t-abhcóide nó an t-aturnae a chuireann argóintí in iúl, a chinntiú go bhfuil na leabhair achomhairc chéanna á n-úsáid acu ag an éisteacht is a lóisteáladh leis an gcúirt.
(iii) Níor chóir ábhar nach mbaineann ná ábhar iomarcach a chuimsiú sna leabhair achomhairc.
4. Innéacs na gcáipéisí.
(a) I gcás ar bith ina dtaisctear níos mó ná 10 bhfoilseán cáipéisíochta, ní mór liosta a chur leis na leabhair ac homhairc ("innéacs na gcáipéisí" a tugtar orthu sa threoir chleachtais seo) ag cruinnsonrú na bhfoilseán a bhfuiltear ag beartú tagairt a dhéanamh dóibh i rith na n-aighneachtaí béil.
(b) Ní mór na foilseáin a bheith aitheanta go soiléir san innéacs cáipéisí - m.sh. "litir ó James O'Brien chuig Anne Murphy arna dátú 10 Eanáir 2002"- seachas tagairtí d'uimhreacha nó litreacha tagartha.
(c) Ní mór na foilseáin seo a thaisceadh i leabhar faoi leith mar aon leis na leabhair achomhairc eile.
5. Innéacs na nathscríbhinní.
(a) De réir cleachtais atá ann le fada, níl athscríbhinn ar argóintí dlí riachtanach ach amháin má tá saincheist faoi leith ann faoinar tharla le linn na héisteachta.
(b) I gcás ar bith ina dtaisctear níos mó ná imleabhar athscríbhinne amháin leis an achomharc, ní mór don achomharcóir doiciméad a thaisceadh ("innéacs na n-athscríbhinní" a thugtar air sa threoir chleachtais seo) ag léiriú go cruinn an líon imleabhar atá ann agus na leathanaigh a bhfuiltear ag súil tagairt a dhéanamh dóibh i rith na n-aighneachtaí béil.
(c) Ní mór innéacs na n-athscríbhinní a thaisceadh ceithre seachtaine roimh dháta na héisteachta ar a dhéanaí.
6. An teastas ullmhachta.
(a) Eiseoidh oifig an achomharcóra tastas ullmhachta nuair a bheidh na cáipéisí riachtanacha go léir taiscthe. Ní mór an teastas seo a chur ar ais go pras chun na hoifige agus laistigh de trí sheachtain ar a dhéanaí ón am a eisíodh é.
(b) Ní shíneoidh aturnaetha an achomharcóra, nó an pháirtí ar chúram leis/léi an cás sonraithe, an teastas ullmhachta maidir leis na leabhair achomhairc ach amháin, nuair is gá é, nuair atá innéacs na gcáipéisí mar aguisín leis an teastas.
7. Aighneachtaí.
(a) Mura dtugtar a mhalairt de threoir de bhun iarratais ar leith don chúirt ó aon cheann de na páirtithe ina leith sin, nuair a thugtar dáta le hachomharc nó le cúis shonraithe a éisteacht, ní mór don achomharcóir nó don pháirtí le cúram na n-imeachtaí aighneachtaí achoimre i scríbhinn a thugann achoimre ar an argóint a lóisteáil in oifig na Cúirte Uachtaraí ceithre seachtaine roimh dháta na héisteachta, ar a dhéanaí.
(b) Tá aighneachtaí achoimre an fhreagróra le lóisteáil taobh istigh de sheachtain amháin ina dhiaidh sin.
(c) Ní amháin gur cóir aighneachtaí i scríbhinn a thaisceadh in oifig na Cúirte Uachtaraí ach ba chóir cóipeanna leictreonacha a sheoladh chun na cúirte ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas:- supremecourtsubs@courts.ie. Ba cheart ainm an cháis a scríobh mar ábhar na teachtaireachta.
(d) Ba chóir aighneachtaí a sheirbheáil ar gach páirtí a bhfuil baint acu leis an achomharc agus iad a sheoladh sula dtaisctear na haighneachtaí san oifig nó ar an lá sin.
(e) Ní gá do pháirtithe aighneachtaí a sholáthair i scríbhinn mura bhfuil ionadaíocht ghairmiúil acu ach féadfaidh siad é sin a dhéanamh más mian leo é trí aighneachtaí i scríbhinn a sheirbheáil agus a thaisceadh.
8. Ábhar agus fad na naighneachtaí.
(a) Ba chóir go dtabharfadh na haighneachtaí i scríbhinn achoimre ghonta ar argóintí na bpáirtithe. Sa chuid is mó de chásanna ba chóir go mbeadh aighneachtaí i bhfad níos giorra ná 25 leathanach sásúil ach níor chóir d'aighneachtaí den sórt sin dul thar 25 leathanach riamh ach amháin sa chás go bhfuil cead na Cúirte faighte, ar chúiseanna eisceachtúla, le haghaidh aighneachtaí níos faide. Is féidir cead na Cúirte a fháil, ar shainchúiseanna eisceachtúla, ex parte ag liosta tagartha an Déardaoin (féach alt 10 thíos) nó ar ócáid oiriúnach eile.
(b) Ba chóir go n-aithneofaí an páirtí a bhfuil na haighneachtaí á lóisteáil ar a s(h)on i gceannteideal na n-aighneachtaí.
(c) Ba chóir d'aighneachtaí achoimre an achomharcóra, nó an fhreagróra i gcros-achomharc, an phríomh-shaincheist nó na príomh-shaincheisteanna dlí atá ar intinn acu a chur ar aghaidh san achomharc a leagan amach go soiléir agus go gonta i dtosach. Ba chóir athrá nach bhfuil gá leis nó leaganacha malartacha den phointe dlí céan na a sheachaint.
(d) Má táthar ag brath ar chuid den athscríbhinn sna haighneachtaí i scríbhinn, ba chóir tagairt a dhéanamh do lá, do dháta agus do leathanach nó d'uimhir ceiste na hathscríbhinne.
9. Leabhair na n-údarás.
(a) Aon leabhar a ndearnadh comhaontú faoi ina bhfuil údaráis, i bhfoirm luanna ón mBunreacht, reachtanna, ionstraimí reachtúla, conarthaí, treoracha agus rialacháin an Aontais Eorpaigh, coinbhinsiúin idirnáisiúnta, cúiseanna breithnithe nó sleachta ó leabhair téacs nó irisí léannta, a bheartaíonn aon pháirtí dul ina muinín i rith na n-aighneachtaí béil (dá dtagraítear sa threoir chleachtais seo mar "leabhar na n-údarás"), ní mór don achomharcóir nó don pháirtí le cúram na cúise sonraithe é a thaisceadh leis na haighneachtaí scríofa a luaithe agus is féidir tar éis aighneachtaí scríofa an fhreagróra bheith faighte aige.
(b) Ba cheart, sa mhéid agus is féidir, na húdair a lua ó thuairiscí oifigiúla nó ó láithreán gréasáin na cúirte atá i gceist agus Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach san áireamh.
(c) Ní gá cóipeanna de shaothar na n-údarás a thaisceadh mar thacaíocht ar prionsabail seanbhunaithe dlí nach bhfuil aon chonspóid idir na páirtithe fúthu. Is féidir glacadh leis mar shampla go bhfuil Achtanna an Oireachtais de réir an bhunreachta. Ní cóir ach na húdair sin a lua a bhfuil se ar intinn ag an abhcóide braith orthu nó tagairt a dhéanamh dóibh le linn aighneachtaí i scríbhinn nó ó bhéal.
(d) Nuair nach féidir leis an achomharcóir nó an páirtí le cúram na cúise sonraithe aontú leis an bpáirtí nó páirtithe eile maidir le hábhair leabhar na n-údarás, ní mór teastas á léiriú sin a chur mar iarscríbhinn le leabhar na n-údarás.
10. Dáta luaite.
Liostálfar an t-achomharc nó an chúis shonraithe le haghaidh a luaite ar Déardaoin na seachtaine leathdheireanaí roimh an dáta a socraíodh don éisteacht d'fhonn a dhearbhú gur taisceadh na haighneachtaí scríofa, leabhar na n-údarás agus (nuair is cuí) innéacs na n-athscríbhinní agus innéacs na gcáipéisí de réir mar a éilíonn an treoir seo.
Tiocfaidh an treoir chleachtais seo i bhfeidhm ar an 2ú lá de Feabhra agus tagann sé in áit na treorach cleachtais den 28ú Feabhra 2007.
John L. Murray
Príomh-Bhreitheamh
19 Nollaig 2008