-
Ciallaíonn ‘comhdú neamhphearsanta’ cáipéisí a sheoladh sa phost, trí sheirbhís malartán cáipéise (DX), nó trí iad a fhágáil sa bhosca slán taisce san Oifig Probháide.
-
Sula seolann nó sula bhfágann tú do cháipéisí, deimhnigh gur íoc tú as na táillí forordaithe cúirte ar an gcárta táille cúirte le haghaidh gach cáipéise. Tabhair faoi deara, le do thoil, go ríomhtar táillí Oifig an tSuíocháin ar bhonn ghlaneastát an duine mhairbh. Tagair do mhír na dTáillí Cúirte ar an láithreán gréasán seo chun teacht ar sceideal na dtáillí infheidhme go léir.
Ní ghlacfaidh an Oifig Probháide le hairgead, seiceanna nó orduithe poist le haghaidh táillí agus má sheoltar iad seo ar aghaidh, seolfar ar ais chugat iad in éineacht leis na cáipéisí, nach ndéanfar a chomhdú.
-
Ní mór duit a áireamh le do cháipéisí, an fhoirm chuí taiscthe arna comhlánú i gceart leis an bhfaisnéis riachtanach.
Foirm S1: Iarratas ar an Oifig Suíocháin Phrobháide – iarratas aturnae amháin
NÓ
Foirm PAS2: Iarratas ar an Oifig Rialacha Probháide.
-
Ní mór foirm ar leith taiscthe a chomhlánú maidir le gach sraith páipéar a sheoltar ar aghaidh. Sa chás go bhfiosraítear sraith páipéar agus go seoltar ar ais na páipéir, ní mór foirm nua taiscthe a chomhlánú agus a sheoladh ar aghaidh nuair a bheidh na páipéir á n-athsheoladh ar aghaidh mar fhreagairt ar an bhfiosrúchán a rinneadh.
-
Sa chás go seoltar sraith páipéar, lena n-áirítear bunuacht, sa phost agus cuirtear tús lena bhfiosrú, coimeádfaidh an Oifig Probháide an bhunuacht mura gá an bhunuacht a sheoladh ar ais chun déileáil leis an bhfiosrú a rinneadh.
-
Nuair a bhíonn buncháipéis á seoladh ar aghaidh, fógra tairisceana, mar shampla, má theastaíonn cóipeanna le haghaidh seirbhíse nó do do thaifid féin, cuir cóipeanna leordhóthanacha san áireamh. Seolfar ar ais iad chugat agus stampa orthu leis an stampa cuí den Oifig Probháide.
-
Cuir na cáipéisí atá á gcomhdú agat le chéile leis an bhfoirm chuí (S1 nó PAS2 nó PAS1) i gclúdach litreach séalaithe ar a bhfuil seoladh soiléir na rannóige den Oifig Probháide (is é sin, Oifig an tSuíocháin, an Oifig Rialacha, an Oifig Taifead) a bhfuil siad á seoladh isteach agat chuici.
-
Ba cheart bunuachtanna agus bunchodaisíleacha a sheoladh isteach tríd anbpost réamhíoctha cláraithe nó má fhágann an t-aturnae nó má fhágtar iad ar son an aturnae, atá ag plé leis an tsaincheist, go díreach sa bhosca taisce san Oifig Probháide.
Chun teacht ar fhaisnéis faoi iarratais phearsanta le haghaidh na probháide, féach an mhír iarratais phearsanta ar an láithreán gréasáin seo.
-
Is leis na haturnaetha/an gníomhaire dlí/dlíthí tuata a ainmnítear ar an bhfoirm chumhdaigh a sheoltar ar aghaidh sa tsaincheist a bheidh gach comhfhreagras ag an Oifig Probháide sa chás ina dhiaidh sin.
Ceanglaíonn na coinníollacha le haghaidh úsáid comhdú neamhphearsanta san Oifig Probháide ar aon duine ag a mbíonn fáil ar an tseirbhís seo foirm taiscthe a chomhlánú maidir le gach sraith cáipéisí/iarratas a sheoltar ar aghaidh sa phost nó trí DX.