Cúirt: Uachtarach
Ábhar: Barántas gabhála Eorpach
Catagóir: Sibhialta
SC10 - An tAcht um Barántas Gabhála Eorpach 2003 arna leasú ag An Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005
I ngach gcás ón 2ú lá de mhí Bealtaine 2006 amach ina thaiscfear fógra achomhairc ó bhreithiúnas de chuid na hArd-Chúirte in imeachtaí faoin Acht thuas, liostálfar an chúis le haghaidh a luaite ar an Déardaoin dár gcionn. Ní mór do na cleachtóirí san achomharc bheith in ann a léiriú don chúirt, nuair a ghlaoitear an chúis ar an lá sin, na bearta a rinneadh le cinntiú go mbeifear in ann an t-achomharc a éisteacht go gasta. Tabharfar treoracha ansin maidir le comhdú aighneachtaí i scríbhinn chun go bhféadfar dáta a shocrú a luaithe agus is féidir chun an achomharc a éisteacht.
Tá an treoir chleachtais seo á heisiúint le cinntiú go gcomhlíonfaidh an Stát forálacha an Achta um Barántas Gabhála Eorpach 2003 arna leasú chun déileáil lena leithéid d'imeachtaí gan mhoill.
Má thaisctear fógra achomhairc i rith na saoire, liostálfar an t-achomharc le haghaidh a luaite ar an gcéad Déardaoin den téarma dár gcionn.
John L. Murray
Príomh-Bhreitheamh
27 Aibreán 2006