Cúirt: An Chúirt Achomhairc Choiriúil
Ábhar: Aighneachtaí scríofa
Catagóir: Coiriúil
CCA05 - Aighneachtaí i scríbhinn ar shaincheisteanna dlí in achomhairc ar bhianbhreith
I gcás achomhairc nó iarratais ar chead achomhairc in aghaidh phianbhreith ina bhfuil sé beartaithe brath ar phaireacht nó eile maidir le pianbhreith atá gearrtha ar chomhchúisí, tá fógra le tabhairt don chláraitheoir laistigh de 28 lá ón bhfógra achomhairc a thaisceadh ionas gur féidir na hathscríbhinní riachtanacha ar fad a aimsiú agus iad a chur ar fáil don chúirt agus do na páirtithe roimh éisteacht an achomhairc nó an iarratais ar chead achomhairc a dhéanamh de réir mar is cuí.
John L. Murray
Príomh-Bhreitheamh
1ú Deireadh Fómhair 2007