Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

An Chúirt Dúiche

Suíonna Saoire na Cúirte Dúiche - Lúnasa 2016: Réigiúnach

I.R. Uimh. 343 de 2017: Ordú um Cheantair Chúirte Dúiche (Laethanta agus Uaireanta) (Suíonna Lúnasa) 2017

Déanann an tSeirbhís Chúirteanna, agus í ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar di faoi alt 26 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1953 (Uimh. 32 de 1953), arna leasú ag alt 43 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 (Uimh. 39 de 1961), alt 16 d'Acht na gCúirteanna, 1971 (Uimh. 36 de 1971) agus alt 29 den Acht um Sheirbhís Chúirteanna, 1998 (Uimh. 8 de 1998) agus i gcomhar le hUachtarán na Cúirte Dúiche, an t-ordú seo a leanas:

  1. Is féidir An t-Ordú um Cheantair Chúirte Dúiche (Laethanta agus Uaireanta) (Suíonna Lúnasa) 20165 a ghairm den Ordú seo.
  2. Tiocfaidh an tOrdú seo i bhfeidhm an 1ú Lúnasa 2016.
  3. Beidh suíonna chun críche Alt 5(b) den Ordú um Cheantair Chúirte Dúiche (Leasú), 1970 (I.R.  Uimh. 161 of 1970) ar siúl i rith mí Lúnasa in agus i gcomhair gach ceantar Cúirte Dúiche dá dtagraítear i gcolún (2) den tábla don Ordú seo (i ngach cás ag freastal ar an dúiche Cúirte Dúiche cuí dá dtagraítear i gcolún (1) den tábla atá díreach trasna ón tagairt sin). Sa chás nach bhfuil na suíonna sin ar siúl ar na laethanta sin, agus ag na huaireanta agus san áit don am arna shocrú do shuíonna de chuid na Cúirte Dúiche chun gnó na Cúirte Dúiche a chomhlíonadh agus í ag feidhmiú a dlínse achoimre sa cheantar Cúirte Dúiche sin ag an Ordú um Cheantair Chúirte Dúiche 1961 (I.R. Uimh. 5 de 1961) (leasaithe) (an 'Príomh Ordú'), beidh na suíonna sin ar siúl ar na laethanta sin, agus ag na huaireanta sin agus ag an áit dá dtagraítear i gcolún (3) den tábla atá díreach trasna ón gceantar Cúirte Dúiche dá dtagraítear i gcolún (2).
  4. Leanfar ar aghaidh le haon ghnó de chuid na Cúirte Dúiche, agus críochnófar é, ar tionscnaíodh é roimh dháta thosach feidhme an Ordaithe seo agus nach bhfuil críochnaithe roimh an dáta sin ar nós go raibh an tOrdú seo i bhfeidhm ag an am gur tionscnaíodh an gnó sin.

Tábla

(1)

(2)

(3)

Ceantair Chúirte Dúiche

Ceantar Cúirte Dúiche sa Dúiche sin ina bhfuil suíonna Lúnasa (dlínse achomair) a fhreastalaíonn ar an Dúiche sin ar siúl

Áit sa Cheantar Cúirte Dúiche ina bhfuil suíonna Lúnasa (dlínse achomair) a fhreastalaíonn ar an Dúiche sin ar siúl agus laethanta agus uaireanta na suíonna (sa chás go bhfuil siad éagsúil ón áit, na laethanta agus na huaireanta arna bhforordú ag an bPríomh-Ordú don Cheantar sin)

Uimh. 1

Leitir Ceanainn

gach Déardaoin ar 11.00 r.n.

Uimh. 2

Dún na nGall

gach Céadaoin ar 2.00 i.n.

Uimh. 3

Caisleán an Bharraigh

gach Céadaoin ar 11.00 r.n.

Uimh. 4

Baile Anraí (in aice le Príosún an Chaisleáin Riabhaigh)

gach Aoine ar 11.00 r.n.

Uimh. 4

Baile Locha Riach

gach Aoine ar 2.30 i.n.

Uimh. 5

Muineachán

gach Aoine ar 11.00 r.n.

Uimh. 6

Dún Dealgan

gach Déardaoin ar 11.00 r.n.

Uimh. 6

Droichead Átha - cúirt speisialta

Dé hAoine 4ú ar 10.30 r.n.

Uimh. 7.

Gaillimh

gach Máirt ar 11.00 r.n.

Uimh. 8

Durlas

gach Aoine ar 11.00 r.n.

Uimh. 9

Átha Luain

Dé Máirt 1ú & 8ú agus Dé Luan 14ú, 21ú & 28ú ar 11.00 r.n.

Uimh. 10

Baile Átha Troim

gach Máirt ar 11.00 r.n.

Uimh. 12

Inis

Dé Máirt 1ú & 8ú agus Dé Luan 14ú, 21ú & 28ú ar 11.00 r.n.

Uimh. 13

Luimneach

gach Céadaoin ag 11.00 r.n.

Uimh. 15

Port Laoise

Dé Máirt 1ú & 8ú agus Dé Luan 14ú, 21ú & 28ú ar 11.00 r.n.

Uimh. 16

Bré

gach Céadaoin ar 10.30 r.n.

Uimh. 17

Trá Lí

gach Déardaoin ar 11.00 r.n.

Uimh. 18

Cloich na Coillte

gach Déardaoin ar 10.30 r.n.

Uimh. 19

Cathair Corcaigh (Cúirt uimh. 1) Sr. Washington

Dé Luan 14ú, 21ú & 28ú ar 11.00 r.n. agus gach Céadaoin agus gach Aoine ar 10.30 r.n.

Uimh. 20

Mala

gach Máirt ar 10.30 r.n.

Uimh 21

Cluain Meala

gach Máirt ar 3.00 i.n.

Uimh 22

Cill Chainnigh

gach Máirt ar 11.00 r.n.

Uimh 23

Loch Garman

gach Céadaoin ar 11.00 r.n.

Uimh 24

Port Láirge

gach Máirt ar 11.00 r.n.

Uimh. 25

An Nás

gach Déardaoin ar 11.00 r.n.

 

Tugtha faoi shéala na Seirbhíse Cúirteanna
27 Iúil 2017

Rosemary Horgan
Ball de Bhord na Seirbhíse Cúirteanna atá údaraithe chun doiciméid a shíniú faoi shéala na Seirbhíse Cúirteanna.

Miriam O'Flanagan
Oifigeach na chuid na Seirbhíse Cúirteanna atá ainmnithe ar mhaithe le Séala na Seirbhíse Cúirteanna a fhíordheimhniú, de bhun alt 10 den Acht um Sheirbhís Chúirteanna 1998.