Ailtireacht agus oidhreacht
Teach Cúirte Bhaile Átha Í
Naisc ghaolmhara
Oifig Cúirte An Nás
Eolas stairiúil agus ailtireachta
Dhear Frederick Darley an teach cúirte agus tógadh é sna 1850aidí. Is foirgneamh scoite dhá stór é, le sé bhá, agus é ar stíl na hAthbheochana Túdaraí le díonta crochta dúbailte trasnacha. Tá oifigí dhá stór ag an taobh ó dheas, agus athraíodh an sean-bhealach isteach ó thuaidh go leithris c. 1990. Tá stuabhealaigh seachtracha ag gach taobh den seomra cúirte atá roinnte anois. Tá na hoscailtí fuinneoige cheannchearnacha le fardorais eibhir, le leaca stólta agus colbhaí eibhir; agus tá fuinneoga saise adhmaid le trí phána os cionn trí phána iontu. Tá ceithre dhoras lárnacha le háirsí agus colbhaí eibhir ann agus comhlaí de chláir adhmaid iontu.
Ba mhalartán arbhair an bhaile é an foirgneamh i dtosach. Luadh é san Leinster Express dar dháta 25 Aibreán 1857 nuair a bhí tuairisc sa nuachtán, a foilsíodh i Nás agus Maryboro ag an am, faoi fhéasta a bhí in Óstán an Leinster Arms. Ba cheiliúradh i gcomhair an Teachta Parlaiminte nua-thofa, W.H.F. Cogan a bhí san ócáid agus dúirt ceannlínte na seachtaine dar gcionn gur dhiúltaigh aoi amháin seasamh chun deoch a ól do shláinte Dhiúc Laighin mar a bhí nós ann a dhéanamh ag an am. Ba é an Diúc an tiarna talún i gcomhair Bhaile Átha an Í, agus bhí sé i dtaithí dílseacht gan cheist agus gan iarraidh a fháil ó mhuintir géilliúla an bhaile agus ba é sin an chéad uair a tugadh dúshlán poiblí dó. Ba é an chúis a bhí leis seo ná an bhaint a bhí ag teaghlach an Diúic leis an moladh a bhí ann príosún an bhaile ar Bhóthar Cheatharlaigh a dhúnadh. Dúnadh ar deireadh i 1859 é nuair a aistríodh na príosúnaigh go léir chuig an príosún nua i Nás na Rí.
Ag an am céanna bhí gach a raibh i láthair in Óstán an Leinster Arms buíoch do Dhiúc Laighin i gcomhair an malartán arbhair a bhí á thógáil i gCearnóg Bhaile Átha an Í ag an am. Dúirt tuairiscí nuachtáin go raibh an Diúc ag cur 'as pretty a building as any in Ireland' ar fáil do Bhaile Átha an í mar mhalartán arbhair. Chuaigh sé i mbun gnó an Máirt 6 Deireadh Fómhair 1857 ach roimh i bhfad bhí tuairiscí sna nuachtáin chéanna "the ventilation of the building was very defective and the manner in which it is lighted was also objected to". Ní fios dúinn an mar gheall ar na fadhbanna aerála agus soilsiú a dúnadh an malartán arbhair ina dhiaidh sin, ach is cinnte go raibh an foirgneamh folamh taobh istigh de cúig bliana.
Bhí an cáineadh seo ait, os rud é gurbh é Frederick Darley, duine de phríomh-ailtirí na 19ú aoise, a bhí fostaithe ag Diúc Laighin. Bhí sé freagrach as leabharlann Óstaí an Rí i Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath chomh maith le roinnt foirgneamh tábhachtach eile i mBaile Átha Cliath lena n-áirítear roinnt foirgneamh i gColáiste na Tríonóide agus na grianáin iarainn saoirsithe i nGarraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon. Bhí sé, ag amanna éagsúla, ina ailtire ag Coimisiún Eaglasta Ard-Deoisí Bhaile Átha Cliath, agus ag an mBord Oideachais Náisiúnta.
Tá roinnt samplaí dá chuid oibre i mBaile Átha an Í, an Model School ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath a d'oscail in 1850, Séipéal Naomh Michíl Eaglais na hÉireann ar Bhóthar Cheatharlaigh a tógadh in 1840 nuair a bhí Rev. F.S. Trench ina reachtaire agus a tiomnaíodh i Meán Fómhair agus an séipéal Preispitéireach agus seanbhansa ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath.
Rinneadh athruithe ar an Malartán Arbhair roimh dheireadh na 19ú haoise ionas go bhféadfaí é a úsáid mar theach cúirte an bhaile. D'fhill na cúirteanna seisiúin ar Bhaile Átha an Í ach i rith Chogadh na Saoirse, dódh go talamh an foirgneamh cloiche breá lena beanna cuartha breátha, simléir arda dramatúla, agus colúnraí le háirsí éilipseacha. Is cosúil gur críochaíodh atógáil theach na cúirte am éigin i 1928 faoi mhaoirseacht Foley and O'Sullivan Architects. Nuair a athosclaíodh an teach cúirte bhí an Cúirt Dúiche agus seisiúin ráithiúil na gCúirteanna Chuardaar siúl ann.
Athchóiriú
D'oscail an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí an tUasal John O'Donoghue an teach cúirte go hoifigiúil Déardaoin an 21 Meitheamh 2001, tar éis milliún punt a bheith caite ar an athchóiriú. Bhí an foirgneamh a bhí ina mhalartán arbhair tráth den saol ag breathnú chomh maith agus a bhí sé riamh tar éis beagnach 1½ bliain d'aire cúramach i lámha na gConraitheoirí Tógála, D. & J. Cabery. Rinneadh an searmanas oscailte os comhair breithiúna ón gCúirt Dúiche, ón gCúirt Chuarda agus ón gCúirt Uachtarach. Is iad na tógálaithe D. & J. Carbery a rinne an obair athchóirithe, faoi stiúir an ailtire Michael Lysaght. Is sé adchomhartha seasta atá san fhoirgneamh ó lár na 19ú haoise do scil agus saoirseacht ceardaithe an lae inniu chomh maith le scileanna 150 bliain ó shin.