Cúirt: Ard-chúirt
Ábhar: Liosat tráchtála
Catagóir: Sibhialta
HC50 - Liosta tráchtála
Fógra.
Toisc go bhfuil ag teipeadh ar líon méadaithe aturnaetha na treoracha réamhthrialach a thugann an chúirt a chomhlíonadh, b'éigean an treoir chleachtais seo a leanas a eisiúint a thiocfaidh i bhfeidhm ar 1 Meitheamh, 2009.
Treoir chleachtais.
1. Ní mór don deimhniú aturnaetha arna eisiúint de bhun O. 63(a), r. 4(2) de Rialacha na nUaschúirteanna ag tabhairt forais d'iarratas cás a chur ar an liosta tráchtála a bheith sínithe ag aturnae ar leith atá freagrach agus a bheidh freagrach as stiúradh an cháis. Ní leor é go síneofaí an deimhniú in ainm gnólachta.
2. I ndeimhniú den sórt sin, chomh maith leis an ábhar eile arna fhorordú sna rialacha, caithfidh gealltanas a bheith ann don chúirt ón aturnae go ndéanfaidh an t-aturnae sin deimhin de go gcomhlíonfar treoracha na cúirte go hiomlán sa chás go gcuirfear an cás ar an liosta tráchtála.
3. Diúltófar iarratas ar chás a chur ar an liosta tráchtála má tá sé bunaithe ar dheimhniú nach gcomhlíonann forálacha ailt 1 agus 2 den treoir seo.
4. Nuair a chuirtear cás ar an liosta tráchtála bíonn ar an bhfreagróir aturnae ar leith a ainmniú a bheidh freagrach as a chinntiú go gcomhlíonfar treoracha na cúirte.
5. As seo amach, ní mór go mbeadh gach ordú a rinne an chúirt cheana féin san áireamh sna páipéir a thaisctear sa seomra liosta ionas go ndéanfadh an breitheamh atá i gceannas ar an liosta tráchtála iad a bhreithniú mar chuid den ghnáthliosta foriarratais ar an Luan.
6. Caithfear páipéir do thrialacha a sheachadadh ar an seomra liosta tráth nach déanaí ná 4.30 i.n. ar an gCéadaoin roimh an tseachtain a dtosóidh an triail.
7. Ag tosú ar an Aoine 12 Meitheamh, 2009, agus gach Aoine ina dhiaidh sin le linn an téarma glaofar rolla os comhair an bhreithimh atá i gceannas ar liosta tráchtála de na cásanna atá liostaithe le haghaidh trialach le linn na seachtaine ina dhiaidh sin. Is é cuspóir an ghlaoigh rolla seo ná deimhin a dhéanamh de go bhfuiltear tar éis na treoracha réamhthrialach uile a thug an chúirt a chomhlíonadh go hiomlán.
8. Má shocraítear cás roimh a dháta trialach tá sé de dhualgas ar an aturnae don pháirtí molta a leithéid a chur in iúl don chúirt láithreach.
Richard Johnson
Uachtarán na hArd-Chúirte
Bealtaine, 2009.