 | |
Cúirt: Cuarda Ábhar: Tógáil, sarú conarta, aisbhabháil airgid Catagóir: Sibhialta
CC08 - Cásanna cibé an mbaineann siad le sárú conarta nó le haisbhabháil airgid áit a bhfuil cáilíocht na n-oibreacha tógála i gceist.
Tá feidhm ag treoir chleachtais i ngach cás cibé an mbaineann sé le sárú conartha nó le haisghabháil airgid áit a bhfuil cáilíocht na n-oibreacha tógála i gceist.
Na céimeanna atá le glacadh sula gcuirfear ábhar síos chun trialach, nuair is cuí:
-
Sceideal oibreacha agus costálacha le comhaontú, más féidir, agus gan dliteanas a admháil
-
Ba chóir do na páirtithe tuarascálacha saineolaithe a mhalartú a mbraithfear orthu ag an triail
-
Ba chóir damáistí speisialta a dheimhniú agus aontú orthu, nuair is féidir, gan dliteanas a admháil
-
Ba chóir go n-aontódh na páirtithe ar leabhar grianghraf a mbraithfear air ag an triail
-
Ba chóir do na páirtithe leabhar pléadálacha comhaontaithe agus uimhrithe agus leabhar comhfhreagrais inter partes a ullmhú agus a chomhdú
-
Ba chóir do na páirtithe leabhar doiciméad comhaontaithe agus uimhrithe a ullmhú agus a chomhdú, ina bhfuil an comhfhreagras réamhtheagmhála ábhartha, conradh foirmiúil (más ann dó), pleananna, billí cainníochtaí, srl., nuair is féidir
Arna dhátú an 9ú lá seo de Mhárta 2009 Matthew Deery Uachtarán na Cúirte Cuarda
|
|
|