Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

An Ard-Chúirt

Breithiúna na hArd-Chúirte 

Tá an tArd-Chúirt comhdhéanta den Uachtarán agus tríocha is a sé gnáthbhreithiúna. Tá an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na Cúirt Achomhairc, agus Uachtarán na Cúirte Chuarda, de bhua a bPost, ina mbreithiúna breise don Ard-Chúirt. Tá dlínse agus cumhacht iomlán ag an Ard-Chúirt chun cinneadh a dhéanamh i leith gach ábhair agus gach ceiste bíodh gur dlí nó fíoras, sibhialta nó coiriúil atá i gceist. Clúdaíonn a dlínse freisin aon cheist maidir le bailíocht aon dlí ag cuimhneamh ar an mBunreacht. Feidhmíonn an Ard-Chúirt mar chúirt achomhairc ón gCúirt Chuarda i leith ábhair shibhialta. Tá sé de chumhacht aici athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh bhinsí fiosrúcháin áirithe. Is féidir léi freisin rialuithe a thabhairt ar cheisteanna dlí a chuireann an Chúirt Dúiche faoina bráid. Is féidir le duine a ceadaíodh bannaí dó/di sa Chúirt Dúiche iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt chun na coinníollacha bannaí a athrú. Má dhiúltaíonn an Chúirt Dúiche bannaí, is féidir iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt. Ní féidir le duine atá cúisithe i ndúnmharú iarratas ar bhannaí a dhéanamh ach chuig an Ard-Chúirt. Nuair a bhíonn an Ard-Chúirt ag feidhmiú a dlínse coiriúil, tugtar an Phríomh-Chúirt Choiriúil uirthi.

Suíonn an Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath chun bunchaingne a éisteacht. Éisteann sí caingne díobhálacha pearsanta agus marfacha i roinnt ionad tuaithe, (Corcaigh, Gaillimh, Luimneach, Port Láirge, Sligeach, Dún Dealgan, Cill Chainnigh agus Inis), ag amanna ar leith i rith na bliana. Ina theannta sin, suíonn an Ard-Chúirt in ionaid tuaithe chun achomhairc ón gCúirt Chuarda i gcásanna sibhialta agus dlí teaghlaigh a éisteacht.

Is iondúil go n-éisteann Breitheamh amháin ábhair a thagann os comhair na hArd-Chúirte agus go ndéanann sé/sí cinneadh ina leith, ach is féidir le hUachtarán na hArd-Chúirte cinneadh a dhéanamh gur féidir le triúr Breithiúna aon chúis nó gnó nó aon chuid de sin a éisteacht i gcúirt ar a dtugtar cúirt rannach.

Faoin Acht um an gCúirt Achomhairc 2014, tugadh an dlínse achomhairc a d’fheidhmigh an Chúirt Achomhairc Choiriúil roimhe sin don Chúirt Achomhairc.

Pléann an Chúirt Achomhairc anois le hachomhairc in imeachtaí sibhialta ón Ard-Chúirt ar ghnách leis an gCúirt Uachtarach iad a éisteacht roimh an Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht. Eisceachtaí iad na cásanna sin inar cheadaigh an Chúirt Uachtarach achomharc chuici tar éis í a shásamh go gcomhlíonann an t-achomharc an tairseach atá leagtha amach in Airteagal 34.5.4° den Bhunreacht (achomharc ‘Cliobóige’). Tagann sé sin tar éis bhunú na Cúirte Achomhairc an 28 Deireadh Fómhair 2014.

 

 

 

_______________________________________________
Nuashonrú ar an leathanach seo ar an: 7 Samhain 2014.