Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Cuardaigh agus cóipeanna

Nasc gaolmhara
Search/Copy Document Application Form (PAS1)
Treoir cleachtais HC49 - Mionnscríbhinn Ioncaim Intíre

Taifid atá ar fáil don phobal:

A luaithe a eisítear deonú probháide nó litreacha riaracháin, féadtar cóipeanna den deonú agus an bhunuacht a fháil tar éis go n-íocann aon bhall den phobal an táillí chuí.

Coimeádtar in Oifig Taifead Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath na deonuithe a eisíodh le 20 bliain anuas. Coimeádtar na taifid ar dheonuithe a eisíodh roimhe seo ag na Cartlanna Náisiúnta.  Féadtar iad seo a scrúdú i Seomra Léimh na gCartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha 8.

Coimeádtar san Oifig Phrobháide, chomh maith, taifid ar gach deonú a eisíodh ó na 14 Chlárlann Phrobháide Cheantair le 20 bliain anuas. Ní féidir na taifid seo ach a léamh. Chun cóipeanna de cháipéisí a fháil nuair a eisíodh an deonú i gClárlann Phrobháide Cheantair, déan teagmháil leis an gClárlann sin go díreach.

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar cháipéisí cuardaigh agus/nó cóipeanna de cháipéisí sa phost trí Fhoirm PAS1 a chomhlánú agus an táille chuí a íoc. Cuireann na nótaí faisnéise a chuimsítear san fhoirm sin breis faisnéise faoi thabhairt faoi chuardaigh agus faoi iarratas a dhéanamh ar chóipeanna de cháipéisí. Sonraítear riachtanais Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath san fhoirm.

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar Chlárlann Phrobháide Cheantair, déan teagmháil leis an gClárlann sin ar dtús le haon riachtanais speisialta a d'fhéadfadh bheith ag an gclárlann sin a dheimhniú.

Ina theannta sin, féadfaidh tú bualadh isteach tú féin chuig Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath chun iarratas a dhéanamh ar chuardach nó ar chóipeanna de cháipéisí. Más mian leat na taifid a fheiceáil nuair a bhuaileann tú isteach, ní mór duit fógra 48 uair a thabhairt mar gheall go mbeidh na taifid le fáil ó stóráil. Beidh fáil ar chomhaid a tógadh ón stóráil ar feadh 5 lá. I ndiaidh na tréimhse sin, cuirfear ar ais sa stóráil iad.