Scéim foilsitheoireachta
Faoi alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 (FOI) ní mór do chomhlachtaí poiblí oiread faisnéise is féidir a ullmhú agus a fhoilsiú mar chúrsa gnáthaimh lasmuigh de FOI.
Ceadaítear leis sin go bhfoilseofar taifid, nó go dtabharfar rochtain orthu, lasmuigh de FOI ar choinníoll nach bhfuil foilseachán den chineál sin ná rochtain den chineál sin a thabhairt coiscthe leis an dlí.
Leis an scéim foilsitheoireachta cuirtear de cheangal ar chomhlachtaí poiblí faisnéis a chur ar fáil le linn a gcuid gnáthghníomhaíochta gnó.
Tá an Scéim Foilsitheoireachta le haghaidh na Seirbhíse Cúirteanna leagtha amach thíos.
Mura bhfuil an fhaisnéis atá uait le fáil anseo, féadann tú an áis chuardaigh ar an suíomh a úsáid. Féadann tú teagmháil a dhéanamh freisin le hOifig Saorála Faisnéise na Seirbhíse Cúirteanna trí r-phost foi@courts.ie nó ar an bhfón +353 1 888 6464.
Scéimeanna Foilsitheoireachta de chuid na gCoistí Rialacha Cúirte:
» Coiste Rialacha na nUaschúirteanna
» Coiste Rialacha na Cúirte Cuarda
» Coiste Rialacha na Cúirte Dúiche
Scéimeanna Foilsitheoireachta de chuid an Choiste Tagartha Luachanna Talún:
An Coiste Tagartha Luachanna Talún