Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

An Féineachas

Roimh riail Shasana bhí a córas dlí dúchasach féin ag Éire a tháinig ó thréimhse na gCeilteach, agus a mhair go dtí an 17ú aois nuair a tháinig dlí coiteann Shasana ina ionad ar deireadh. Tháinig an córas dúchais dlí seo, ar a dtugtar an Féineachas, ó nósanna a bhí tugtha ar aghaidh ó ghlúin go glúin ó bhéal. Scríobhadh síos na dlíthe den chéad uair san 7ú aois AD. Ba 'brithem' a bhíodh ag riaradh an Fhéineachas. Ba iad a tháinig i gcomharba ar na draoithe Ceilteacha, agus cé go raibh siad cosúil le breithiúna, ba mhó gaol a bhí ag a gcuid oibre le hobair eadránaithe. Ba í an obair a bhí acu ná an dlí a chothú agus a léirmhíniú seachas cur leis.

Bhí an Féineachas an-fhorásach ar go leor bealaí. D'aithin sé colscaradh agus cearta ionanna d'fhir agus do mhná agus léirigh sé cúram don timpeallacht freisin. Sa dlí choiriúil, bhí ciontaí agus pionóis leagtha síos go mion. Cúiteamh seachas pionós a bhí leagtha síos i gcomhair éagóra. Cuireadh pionós i gcásanna dúnmharuithe nó gortú chorpartha ag úsáid an fhíneáil éirice, an méid beacht á oibriú amach de réir scála. Ní raibh pionós an bháis i measc na bpionós a bhí ar fáil do na Breithiúna. Os rud é nach raibh córas cúirte ná fórsa póilíní ann is cosúil go raibh an-mheas ag na daoine ar an dlí.

Tháinig an chéad bhriseadh isteach ar an bhFéineachas i 1155, nuair a d'eisigh an Pápa Adrian IV Bulla Laudabiliter ag tacú le plean an Rí Anraí II Éire a chloí. Ina dhiaidh sin tháinig an ionsaí Angla-Normannach faoi cheannas Iarla Pembroke Richard de Clare (Strongbow) i 1169. I 1171 reáchtáil Rí Anraí II Comhairle (ar a dtugtar an Curia Regis nó Comhairle an Rí) i bPort Láirge. D'fhógair sé go raibh "dlíthe Shasana glactha agus dearbhaithe go toiliúil ag gach duine." Is mianaidhm a bhí sa bhfógra seo seachas fírinne. Cuireadh dlí Shasana i bhfeidhm i bhformhór chúige Laighin, áit a raibh cearta talún feodacha bronnta ag Anraí II ar Strongbow, i dtosach. I 1172 cheap Anraí Hugh de Lacy mar chéad Ghiúisteoir na hÉireann (ionadaí an rí).

I 1204 d'údaraigh an Rí John eisiúint eascairí, ag tabhairt treoir do chúirteanna na hÉireann an dlí coiteann a chur i bhfeidhm. I 1226 thug an Rí Anraí III ordú don Giúisteoir cloí le dlíthe agus nósanna Shasana. Bliain ina dhiaidh sin, seoladh Clár Eascairí, ina raibh cóip de gach eascaire a d'eisigh cúirteanna Shasana, go Baile Átha Cliath. Ceapadh an chéad bhreitheamh Angla-Normannach a bhfuil eolas againn faoi i 1221. Laghdaigh tionchar dlí Shasana i rith na 14ú agus na 15ú haoise, i rith tréimhse ina ndúradh go raibh na Normannaigh, mar gheall ar idirphósadh leis na hÉireannaigh dúchasacha 'níos Gaelaí ná na Gaeil iad féin.'

Rinne Sasana iarracht ceannas a Pharlaiminte agus dlí Shasana ar Pharlaimint na hÉireann nó reachtaíocht Éireannach a dhaingniú arís trí Reachtanna Chill Chainnigh a achtú i 1366. Ina dhiaidh seo achtaíodh dhá reacht ag Parlaimint a bhí ar siúl i nDroichead Átha i 1494, ar a dtugadh Dlí Poynings, agus rinne sé seo foráil ionas go mbeadh ar an Ríchomhairle cead a thabhairt roimh ré do thionól Pharlaimint Éireannach agus do thabhairt isteach aon reachtaíocht ar leith i bParlaimint na hÉireann, agus go raibh feidhm in Éirinn ag aon dlí a ritheadh i Sasana. Ina ainneoin sin, faoi 1500 bhí dlí Shasana teoranta do cheantar ar a dtugtaí an Pháil, a bhí comhdhéanta as Baile Átha Cliath agus an cósta thoir. Taobh amuigh den Pháil, bhí an Féineachas á chur i bhfeidhm fós.

Níor tharla sé go dtí go raibh an Rí Anraí VIII i réimeas i lár na 16ú haoise gur scaipeadh dlí Shasana níos faide. Chuir sé 'géilleadh agus athbhronnadh' i bhfeidhm ar na tailte a bhí ag na teaghlaigh uaisle dúchasacha, chun iad a thabhairt taobh istigh den chóras feodach tionachta talún. Ina theannta sin, mar gheall ar bhriseadh an Rí leis an Eaglais Chaitliceach Rómhánach díscaoileadh na mainistreacha agus rinne talamh an eaglais a athroinnt. Fuair dlí Shasana greim de bhreis sa tírtar éis 'Teitheadh na nIarlaí' ó Uladh i 1607 agus anPhlandáil a tharla dá bharr inar tugadh an talamh do lonnaitheoirí Albanacha agus Sasanacha. Bhí suntas ar leith eile ag Teitheadh na nIarlaí sa méid is gur bhfuair sé réidh leis an t-aon fhoinse pátrúnachta a bhí ag na 'brithem'.

I gcásanna Gavelkind (Gabháil Chine) (1605) Dav. 49 agus Tanistry (Tánaisteacht) (1607) Dav. 28, dhiúltaigh cúirteanna na hÉireann rialacha an Fhéineachais i leith comharbais agus ghlac siad le dlí comharbais Shasana ina n-áit. Sa dara cás den phéire, dúirt an chúirt, ag cur i bhfeidhm riail an aitheantais, gur mhair dlíthe dúchasacha má bhí siad réasúnta, cinnte, á n-úsáid chomh fada le cuimhne na ndaoine agus comhoiriúnach le ceannas na corónach. Dúirt an chúirt go raibh teipthe ar an dlí dúchasach na riachtanais seo a chomhlíonadh. Cuireadh deireadh le húdarás an Fhéineachais le Forfhógra an Rí James I i 1603, a thug muintir na hÉireann faoi chosaint an Rí. Roinneadh an tír ina contaetha ina dhiaidh sin agus cuireadh dlí Shasana i bhfeidhm ar fud na tíre.

Tuilleadh eolais ar stair an dlí ó 1691 i leith.