Turas ar na Ceithre Chúirteanna
Tá na príomhábhair suime léirithe sa turas seo ar ollionad na gCeithre Chúirteanna. Is féidir leat tuilleadh a fháil amach faoi chuid de na hábhair a luaitear in ag déanamh taiscéaladh ar na Ceithre Chúirteanna.
Fáilte chuig na Ceithre Chúirteanna. Tá an foirgneamh seo ina sheasamh anseo le os cionn dhá chéad bliain anuas mar cheanncheathrú dlí na hÉireann. I rith an ama sin, tá go leor mórchlaochlú sóisialta agus polaitiúil feicthe ag an bhfoirgneamh. Go deimhin, bhí an foirgneamh féin ag ceartlár go leor de. Téann an doras isteach maorga go dtí an Halla Cruinn breá agus na bun-Cheithre Chúirt de Sheansaireacht, Státchiste, Binse an Rí agus Pléadálacha Coiteanna. Sa lá atá inniu ann is uimhreacha atá ar na cúirteanna seo: Cúirt 1, Cúirt 2, Cúirt 3 agus Cúirt 4.
Réamhrá ginearálta do stair na Ceithre Chúirteanna
Faoi riail Shasana bhí dhá chóras dlí in Éirinn, dlí Shasana taobh istigh den Pháil agus an Fhéineachas taobh amuigh de. Lean an córas dúchasach ar aghaidh ag feidhmiú go dtí luath sa 17ú aois, agus faoin am sin fuair dlí Shasana an ceann is fearr air. I 1775 socraíodh go raibh suíomh na sean-Cheithre Chúirt, a bhí le taobh ardeaglais Theampall Chríost chomh tite as a chéile, scaipthe amach agus chomh uireasach gur chóir struchtúr iomlán nua a thógáil ar an suíomh ar a bhfuil siad anois. Cuireadh tús leis an obair ar dhearadh Thomas Cooley i gcomhair Oifig na dTaifead Poiblí (atá anois mar chuid den chlós thiar) i 1776. Nuair a bhásaigh Cooley i 1784, dhear James Gandon, ailtire theach an Chustaim, na Ceithre Chúirt go bunúsach mar atá siad inniu (cuireadh na cúirteanna, an halla, an cruinneachán agus na cearnóga le foirgneamh Cooley). Scriosadh an struchtúr beagnach go hiomlán i rith cogadh cathartha 1922 ar nós go leor de fhoirgnimh breátha Bhaile Átha Cliath.
James Gandon
Is é James Gandon an t-ailtire is iomráití i mBaile Átha Cliath, agus bhí sé freagrach as oibreacha sa chathair ar nós na gCeithre Chúirt, Teach an Chustaim, Óstaí an Rí agus síneadh a chur le Teach na Parlaiminte (Banc na hÉireann anois). Rugadh i Sasana é i 1743 do chlann Huguenot, d'fhan sé ansin ar feadh an chéad tréimhse dá shaol agus bhunaigh sé cleachtas beag ailtireachta. Chuir sé dearadh isteach sa chomórtas i gcomhair Malartán Ríoga nua i ndeireadh na 1760aidí ach tháinig sé sa dara áit sa chomórtas, a fuair Thomas Cooley an bua ann. Ní mórán atá ar eolas faoina chuid oibre ailtireachta i rith na 1770aidí, ach i 1780 fuair sé cuireadh ó bhanphrionsa Rúiseach tógáil i St. Petersburg. Dhiúltaigh sé, ach ghlac sé an bhliain dar gcionn le tairiscint Teach an Chustaim nua a dhearadh do Bhaile Átha Cliath. Tháinig sé i 1781 agus cuireadh tús lena cheangal fada leis an gcathair a lean ar aghaidh go dtí gur bhásaigh sé in 1823. Tá sé curtha i reilig Dhroim Conrach.
An Halla Cruinn agus Colúin Corantacha
Rinneadh cur síos ar Halla Cruinne na gCeithre Chúirt tráth den saol mar 'croílár fisiciúil agus spioradálta an fhoirgnimh'. Bhí an bloc lárnach seo ag croílár na n-athruithe a rinne Gandon do bhunphleananna ailtireachta Thomas Cooley. Ó thaobh an struchtúir de, tá an halla agus an cruinneachán ann is as mar a d'fhág Gandon iad. Bhí an maisiú taobh istigh i bhfad níos saibhre roimh an damáiste a rinne an cogadh cathartha i 1922. Bhí dealbha de bhreithiúna agus dlíodóirí Éireannacha ag seasamh sna cuasáin, bhí leaca cloiche ar an urlár agus bhí obair stucó an dealbhóra Edward Smyth ar an gcruinneachán. Tá colúin Chorantacha timpeall ar an halla, agus scriosadh beagnach gach ceann acu i rith an Chogaidh Cathartha.
An Cruinneachán
Tá cruinneachán na gCeithre Cúirteanna ina ghné suntasach de spéirlíne Bhaile Átha Cliath, agus bhí sé le feiceáil ar iar-airgead na hÉireann (an nóta£20). Seans go raibh sé beartaithe mar leabharlann i dtús báire ach ina ionad sin ba thaisclann i gcomhair taifid an Ard-Aighne a bhí ann. Faoi 1812, bhí caoga is a dó tonna meáchain sna cáipéisí go léir agus ba ghá iad a thógáil as ionas nach ndéanfaí damáiste do struchtúr an fhoirgnimh. Scriosadh an cruinneachán go hiomlán i 1922. Bhí T.J. Byrne, príomh-ailtire Oifig na nOibreacha Poiblí i gceannas ar thionscadal athchóirithe ar na Ceithre Chúirt tar éis an Chogaidh Cathartha. Mar chuid den tionscadal seo atógadh an cruinneachán le coincréit threisithe i mbeart ina raibh fiche fear ag obair ar feadh tríocha uair an chloig.
Príomhoifig na hArd-Chúirte
Is i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte a chuirtear tús le formhór chásanna sibhialta na hArd-Chúirte. Tógann sé suas bunurlár iomlán Sciathán Thoir na gCeithre Chúirt. Ní dhearnadh mórán athrú air ón uair a bunaíodh an Stáit go dtí go ndearnadh obair athchóirithe shuntasach i 2002. Rinneadh go leor athruithe sa limistéar rochtana poiblí lena n-airítear seomra feithimh geal agus compordach le suíocháin a bhí deartha go speisialta agus ríomhairí rochtana poiblí. Tá an Seomra Liosta ar an gcéad urlár anois, in aice oifigí na gcláraitheoirí agus le rochtain furasta don phobal.