Déanann an tAcht um Chionta in Aghaidh an Stáit 1939 foráil i gcomhair bhunú Chúirteanna Coiriúla Speisialta. Suíonn an chúirt seo le triúr Breithiúna agus gan giúiré ar bith. Tá na rialacha maidir le fianaise a bhfuil feidhm acu in imeachtaí os comhair na Cúirte Coiriúla Speisialta mar an gcéanna leo siúd a mbíonn feidhm acu i dtrialacha sa Phríomh-Chúirt Choiriúil. Tugann Acht 1939 údarás don Chúirt Choiriúil Speisialta rialacha a dhéanamh chun a cleachtas agus a nósanna imeachta féin a rialú. Déanann an tAcht foráil freisin go gceapfaidh an Rialtas breithiúna ar seirbhís chun suí sa Chúirt Choiriúil Speisialta. Tá painéal de 11 Breithiúna ceaptha don chúirt a thógtar ón Ard-Chúirt, ón gCúirt Chuarda agus ón gCúirt Dúiche. Is féidir achomharc i gcoinne ciontaithe nó pianbhreithe i gCúirt Choiriúil Speisialta a thabhairt chuig an gCúirt Achomhairc Choiriúil.