Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

DLÍ TEAGHLAIGH - leathanach baile

Ginearálta

Rochtain

Idirscaradh breithiúnach

Foréigean teaghlaigh

Idirghabháil

Cothabháil

Colscaradh

Neamhniú

Dlí comhoibríoch

Díolúintí pósta

Orduithe cúraim

Saincheisteanna pas

Coimeád

Atharthacht

Gluaiseacht cháis

Comhaontú idirscartha

Caomhnóireacht

Scaoileadh

Míniú ar théarmaí dlí

Mionnscríbhinn

Cáipéis faoi mhionn ina leagtar amach fíricí. Úsáidtear í chun faisnéis a thabhairt don chúirt sa chás nach dteastaíonn fianaise ó bhéil. Is gnách go n-úsáidtear mionnscríbhinn chun tacú le hiarratas leis an gcúirt (nuair a thugtar mionnscríbhinn forais uirthi) nó lena chruthú gur seirbheáladh cáipéis (nuair a thugtar mionnscríbhinn seirbheála uirthi).

I ndlí teaghlaigh, ní mór mionnscríbhinn leasa aréiteach i ngach iarratas colscartha sa chás gurb ann do bhaill chleithiúnaigh den teaghlach. Leagtar foirm na mionnscríbhinne amach i rialacha na cúirte.

Ina theannta sin, teastaíonn mionnscríbhinn mhaoine i gcásanna ina bhfuil éileamh airgeadais á dhéanamh, lena n-áirítear éileamh chun cearta comharbais a bhacadh. Arís eile, leagtar foirm na mionnscríbhinne amach i rialacha na cúirte.

D’fhonn mionnscríbhinn a mhionnú, ní mór duit í a thabhairt go dtí aturnae atá i mbun cleachtaidh nó coimisinéir mionnaí agus í a shíniú ina láthair agus ní mór dó/di í a shíniú lena dheimhniú go raibh sé/sí mar fhinné ar do shíniú. Gearrfar táille ar an tseirbhís seo.

Láithreas

Cáipéis fhoirmiúil a sheirbheálann an cosantóir/freagróir ar an ngearánaí/iarratasóir a chuireann ar an eolas é/í go bhfuil sé beartaithe aige/aici an cás a chosaint. Ní mór cóip a chomhdú in oifig chuí na cúirte. Mura gcomhdaítear aon láithreas, féadfaidh an gearánaí iarratas a dhéanamh ar bhreithiúnas in éagmais láithris.

Iarratasóir

An duine a thugann iarratas os comhair na cúirte. Ina theannta sin, úsáidtear an téarma seo in ionad ‘gearánaí’ uaireanta.

Glaoch rolla

Éisteacht chun cinneadh a dhéanamh ar na dátaí ar a n-éistfidh an chúirt le cásanna.

Éisteacht um dhul chun cinn cáis

An éisteacht réamhthrialach le cás dlí teaghlaigh os comhair an chláraitheora contae chun an cás a réiteach le haghaidh trialach.

Oifig na Cúirte Cuarda

Déileálann oifigí na Cúirte Cuarda le riar na Cúirte Cuarda. Bíonn siad ar oscailt idir 10.00 a.m. agus 4.30 p.m. ar ghnáthlaethanta oibre. Ní mór go leor de na cáipéisí a ghabhann idir na páirtithe i gcás Cúirt Chuarda bheith comhdaithe nó eisithe in oifig na Cúirte Cuarda. Is gnách go mbíonn na hoifigí sa phríomhtheach cúirte sa chontae. I mBaile Átha Cliath, tá Oifig Dhlí Teaghlaigh na Cúirte Cuarda lonnaithe i dTeach an Fhionnuisce, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7. Féadfaidh tú gach oifig na Cúirte Cuarda a fheiceáil sa mhír Oifigí agus Léarscáileanna den láithreán gréasáin seo.

Páirtnéirí sibhialta

Beirt daoine den inscne chéanna atá ina bpáirtithe le clárú páirtnéireachta sibhialta.

Bille Sibhialta Páirtnéireachta Sibhialta

An cháipéis a chomhdaítear (a eisítear) in oifig na Cúirte Cuarda chun tús a chur le himeachtaí sa Chúirt Chuarda faoin Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe Comhchónaitheoirí, 2010.

Comhchónaitheoirí

Beirt daoine fásta (cibé acu den inscne chéanna nó éagsúil) a chónaíonn le chéile mar lánúin i gcaidreamh tiomanta agus dlúth. Ní mór nach mbíonn siad gaolta lena chéile laistigh de mhéid toirmiscthe caidrimh, bheith pósta lena chéile nó bheith mar pháirtnéirí sibhialta lena chéile.

Rialacha na Cúirte

Is iad seo na rialacha ginearálta atá ina nós imeachta a úsáidtear sna cúirteanna. Leagtar amach iontu an bealach a dhéileáiltear le cásanna. Is ann do rialacha ar leith le haghaidh na Cúirte Dúiche, na Cúirte Cuarda agus na nUaschúirteanna (is é sin, an Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach). Tá fáil orthu ar an láithreán gréasáin seo sa mhír Rialacha agus/nó féadtar iad a cheannach ó Oifig Díolta Foilseacháin an Rialtais i Sráid Molesworth, Baile Átha Cliath 2.

Foraithne/ordú

Ordú scríofa na cúirte ina leagtar amach a cinneadh.

Cosaint

Cáipéis fhoirmiúil a sheachadann an freagróir/cosantóir don iarratasóir/ghearánaí mar fhreagairt ar bhille sibhialta dlí teaghlaigh nó ar thoghairm dhlí teaghlaigh. D’fhéadfadh éilimh ag an bhfreagróir i leith an iarratasóra bheith ann.

Daoine muinteartha cleithiúnaigh an teaghlaigh

Aon leanbh den bheirt chéilí (nó aon leanbh a d’uchtaigh an bheirt chéilí nó a bhfuil an bheirt chéilí ag gníomhú in loco parentis ina leith) nó aon leanbh de cheachtar céile (nó aon leanbh a d'uchtaigh ceachtar céile nó a bhfuil an bheirt chéilí ag gníomhú in loco parentis ina leith) atá:

  • faoi 18 mbliana d’aois
  • faoi aois 23 bliain d’aois agus a bhfuil oideachas lánaimseartha á fháil acu, nó
  • os cionn 18 mbliana d’aois ach ag a bhfuil míchumas meabhrach nó fisiciúil dá mhéid sin nach féidir leis an leanbh aire iomlán a thabhairt dóibh féin.

Teisteoir

An duine a mhionnaíonn mionnscríbhinn

Oifig na Cúirte Dúiche

Déileálann oifigí na Cúirte Dúiche le riar na Cúirte Dúiche. Bíonn an oifig ar oscailt, go ginearálta, idir 10.00 a.m. agus 4.30 p.m. ar ghnáthlaethanta oibre. Ní mór go leor de na cáipéisí a ghabhann idir na páirtithe i gcás Cúirt Dúiche bheith comhdaithe nó eisithe in oifig na Cúirte Dúiche. Tá oifigí na Cúirte Dúiche suite i mbreis agus 40 láthair timpeall na tíre.  I gcathair Bhaile Átha Cliath, tá Oifig Dhlí Teaghlaigh na Cúirte Dúiche lonnaithe i dTeach Dolphin, Sráid Essex Thoir, Baile Átha Cliath 2. Féadfaidh tú gach oifig na Cúirte Dúiche a fheiceáil sa mhír Oifigí agus Léarscáileanna den láithreán gréasáin seo.

Taispeántán

Is éard is taispeántán buncháipéis dá dtagraítear i mionnscríbhinn agus atá ceangailte le mionnscríbhinn. Ní mór don teisteoir an taispeántán a shíniú i láthair an aturnae nó an choimisinéara mionnaí.

Iarratas ex parte

Iarratas ar an gcúirt in éagmais do chéile nó do pháirtí eile agus gan fógra a thabhairt dóibh ina leith.

Bille Sibhialta Dlí Teaghlaigh

An cháipéis a chomhdaítear (a eisítear) in oifig na Cúirte Cuarda chun tús a chur le himeachtaí dlí teaghlaigh sa Chúirt Chuarda.

Toghairm Dhlí Teaghlaigh

An cháipéis a chomhdaítear (a eisítear) i Lár-Oifig na hArd-Chúirte chun tús a chur le himeachtaí dlí teaghlaigh san Ard-Chúirt.

Lár-Oifig na hArd-Chúirte

Déileálann Lár-Oifig na hArd-Chúirte le riar roinnt gnólachtaí (lena n-áirítear gnólachtaí dlí teaghlaigh) na hArd-Chúirte. Tá sí lonnaithe ar urlár talún na gCeithre Chúirt, Cé na nÓstaí, Baile Átha Cliath 7. Tá sí ar oscailt idir 10.00 a.m. agus 4.30 p.m. ar ghnáthlaethanta oibre. Ní mór go leor de na cáipéisí a ghabhann idir na páirtithe i gcás Ard-Chúirte bheith comhdaithe nó eisithe in oifig na hArd-Chúirte. Féadfaidh tú an Príomh-Oifig a fheiceáil sa mhír Oifigí agus Léarscáileanna den láithreán gréasáin seo.

In loco parentis

In ionad tuismitheora. Duine nach an tuismitheoir iad agus a ghlacann le freagrachtaí tuismitheora maidir le leanbh ar leith.

Breithiúnas mainneachtana

Cinneadh foirmiúil i bhfabhar an iarratasóra/an ghearánaí inar theip ar an bhfreagróir/gcosantóir rud éigin a dhéanamh laistigh den teorainn cheart ama.  D’fhéadfadh sé bheith in éagmais láithris nó cosanta.

Tairiscint

Iarratas ar chúirt le haghaidh ordú go ndéanfar rud éigin i bhfabhar an iarratasóra. Is gnách go ndéantar é tar éis fógra a thabhairt don pháirtí eile, ach amanna ní gá seo a dhéanamh.

Fianaise ó bhéil

An méid a deireann finnéithe leis an gcúirt mar fhreagairt ar cheisteanna a chuirtear ar son na bpáirtithe nó ceisteanna a chuireann an breitheamh. Go ginearálta, ní mór gach cás colscartha a chruthú ag fianaise ó bhéil.

Gearánaí

An duine a chuireann tús le cás. Tugtar 'an t-iarratasóir' orthu amanna.

Uimhir thaifid

An uimhir a shannann oifig na cúirte don chás. Bíonn sí ar taispeáint ar an taobh uachtarach ar dheis de gach cáipéis a chomhdaítear san oifig agus ba cheart í a lua i ngach déileáil leis an oifig.

Freagróir

An duine a nglactar an tairiscint ina leith. Tugtar 'an cosantóir’ orthu amanna.

Seirbheáil

Cás nó cáipéis a thabhairt chun airde an duine atá ainmnithe inti. In imeachtaí dlí teaghlaigh, is gnách go seirbheáiltear cáipéis nó cás tríd an bpost réamhíoctha cláraithe nó trí sheirbheáil phearsanta ach ba cheart duit seiceáil leis an riail ábhartha den chúirt.

Chun cáipéis a sheirbheáil sa phost réamhíoctha cláraithe, is gá duit cóip dhíreach a sheoladh (is é sin, fíor-chóip dheimhnithe) di a sheoladh chuige/chuici ag a s(h)eoladh deireanach a bhfuiltear feasach air. Chun cáipéis a sheirbheáil go pearsanta, is gá duit cóip dhíreach di a thabhairt (is é sin, fíor-chóip dheimhnithe) dó/di.

Ní gá duit na cáipéisí a sheirbheáil tú féin. Féadfaidh aon duine thar 18 mbliana d’aois é seo a dhéanamh. Ní mór don duine a sheirbheáil an cháipéis mionnscríbhinn seirbheála a mhionnú má theastaíonn ceann. Sa mhionnscríbhinn, ní mór dó/di a lua conas, cén áit agus cathain a sheirbheáil sé/sí an cháipéis. Má cuireadh sa phost í, ní mór deimhniú postais a sholáthar ó an Post.

Bíonn rialacha áirithe i gceist más mian leat cáipéisí a sheirbheáil i dtír eile.

Céile

Fear céile nó bean chéile nó iarfhear céile nó iarbhean chéile

Bac ar fhorghníomhú

Cur ar fionraí oibriú ordú nó breithiúnas cúirte.  Nuair a bhíonn ordú á dhéanamh nó breithiúnas á thabhairt, féadfaidh an chúirt bac a chur ar fhorghníomhú go dtí an tráth sin a mheasann siad is cuí.