Suíonna Ard-Chúirte: Téarmaí Dlí
Nasc gaolmhar
Legal Diary: High Court lists
Beidh ceithre suíonna ag an gCúirt Uachtarach agus ag an Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath gach bliain, is iad sin ná: suíonna na Féile Michíl, suíonna na Féile Bríde, suíonna na Cásca agus suíonna na Tríonóide;
tosóidh suíonna na Féile Michíl ar an gcéad Luan i mí Dheireadh Fómhair agus críochnóidh siad ar an 21 Nollaig;
tosóidh suíonna na Féile Bríde ar an 11 Eanáir agus críochnóidh siad ar an Aoine den tseachtain roimh saoire na Cásca;
tosóidh suíonna na Cásca ar an Luan den tseachtain i ndiaidh saoire na Cásca agus críochnóidh siad ar an Déardaoin roimh Dhomhnach Cincíse;
agus
tosóidh suíonna na Tríonóide ar an gCéadaoin den tseachtain i ndiaidh seachtain na Cincíse agus críochnóidh siad ar an 31 Iúil,
ar an gcoinníoll go dtosóidh suíonna na Féile Bríde ar an Luan i ndiaidh an 11 Eanáir, más Satharn nó Domhnach é an lá sin. Ordú 118 Rialacha na nUaschúirteanna
Suíonn an Ard-Chúirt gach lá i rith an téarma sna Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath. Suíonn sé in ionaid réigiúnacha freisin ar laethanta atá sceidealta do shuíonna.
2017
Suíonna an Féile Bríde: 11 Eanáir - 7 Aibhreáin
Suíonna na Cásca: 24 Aibreán - 1 Meitheamh
Suíonna na Trionóide: 14 Meitheamh - 31 Iúil
Suíonna na Féile Michíl: 2 Deireadh Fómhair - 21 Nollaig
2018
Suíonna na Féile Bríde: 11 Eanáir - 23 Márta
Suíonna na Cásca: 9 Aibreán - 17 Bealtaine
Suíonna na Trionóide: 30 Bealtaine - 31 Iúil
Suíonna na Féile Michíl: 1 Deireadh Fómhair - 21 Nollaig
Saoire:
Bíonn breitheamh ar fáil le linn na saoirí ar fad chun éisteacht le cúrsaí atá sách práinneach agus leanfaidh na liostaí bannaí seachtainiúil atá ar siúl i dTeach Cúirte Chnoc na Seimre i rith an téarma ar aghaidh sna saoirí.
Téigh i dteagmháil leis an bPríomh-Oifig ag teil: +353 (0)1 888 6000 / 6505 / 6514 i gcomhair tuilleadh sonraí.
Nollag: 24 Nollaig - 6 Eanáir
An Cháisc: An Luan den tseachtain roimh sheachtain na Cásca - Satharn sheachtain na Cásca
Cincís: An Aoine den tseachtain roimh Dhomhnach Cincíse - Satharn na seachtaine Cincíse
Saoire fada: 1 Lúnasa - 30 Meán Fómhair
_________________________
Nuashonrú: 8 Bealtainer 2017