Teachtaireacht ón bPríomh-Bhreitheamh John L. Murray
Is mór liom fáilte a chur romhaibh chuig láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna./076DE8F1AD78697980256F25003E5729/$FILE/Chief-Justice-Murray.gif)
Léiríonn bunú na Seirbhíse Cúirteanna i mí na Samhna 1999 forbairt fhíor-thábhachtach do riarachán na gcúirteanna in Éirinn. Den chéad uair i stair an Stáit, tugadh féiniúlacht institiúide ar leith don riarachán sin, le leibhéal rialaithe i bhfad níos airde thar, agus freagracht as, na hacmhainní atá leagtha amach d'fheidhmiú na gcúirteanna.
Tar éis féiniúlacht nua a chruthú dóibh féin mar ghníomhaireacht fhorásach de chuid an Stáit, tá an tSeirbhís Chúirteanna dírithe ar na dúshláin atá rompu chun seirbhísí de na caighdeáin is airde a sholáthar d'úsáideoirí na gcúirteanna agus don lucht dlí. Toisc a thuilleadh éilimh a bheith á dhéanamh ar ár gcóras dlí, cibé acu go dtagann sé ó mhéid agus leibhéal castachta na n-imeachtaí tionscanta, nó ó ionchais an luchta dlí agus an phobail, tá ar an tSeirbhís Chúirteanna iad féin a ullmhú chun a feidhmeanna a dhéanamh trí úsáid a bhaint as na cleachtais bhainistíochta is fearr, agus an teicneolaíocht is déanaí atá ar fáil.
Tá an láithreán gréasáin seo tar éis é féin a dheimhniú cheana féin mar uirlis thábhachtach chun ligean don tSeirbhís Chúirteanna riachtanais eolais chleachtóirí agus dlíthithe a chomhlíonadh i leith ghnó laethúil na gcúirteanna, chomh maith le foinse tagartha luachmhar a sholáthar dóibh siúd a bhfuil suim acu i bhfeidhmiú an chórais chúirteanna. Táim muiníneach go mbeidh ról an láithreáin ghréasáin ag eirí níos tábhachtaí mar ardán do na teicníochtaí is déanaí chun eolas agus seirbhísí a sholáthar d'úsáideoir na cúirte agus don phobal ginearálta.