Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

DLÍ TEAGHLAIGH - leathanach baile

Ginearálta

Rochtain

Idirscaradh breithiúnach

Foréigean teaghlaigh

Idirghabháil

Cothabháil

Colscaradh

Neamhniú

Dlí comhoibríoch

Díolúintí pósta

Orduithe cúraim

Saincheisteanna pas

Coimeád

Atharthacht

Gluaiseacht cháis

Comhaontú idirscartha

Caomhnóireacht

Scaoileadh

Gluaiseacht cháis

Foirmeacha cúirte ábhartha 

Céard is gluaiseacht cháis?

Is é gluaiseacht cháis an téarma a thugtar ar bhainistiú cáis sula dtagann sé chun trialach. Is é an cuspóir atá leis ná a chinntiú go réitítear imeachtaí ar bhealach atá cóir, éifeachtach agus ar bhealach is dóigh a choimeádfaidh na costais a ísle agus is féidir. Ina theannta sin, cinntíonn sé go gcuirtear am agus acmhainní eile na cúirte chun an úsáid is fearr. Is fearr a réitítear cásanna a ghabh tríd an bpróiseas um ghluaiseacht cháis, agus is é an toradh air seo go n-éistear le cásanna níos tapúla agus go mbíonn trialacha níos giorra.

I ndlí teaghlaigh in Éirinn, bíonn formhór na n-éisteachtaí um ghluaiseacht cháis ar bun sa Chúirt Chuarda. Bíonn ról lárnach ag an gcláraitheoir contae i ngluaiseacht cháis. Déanann sé/sí maoirsiú ar réiteach cásanna dlí teaghlaigh lena dtriail, mar aon le monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an cháis roimh an triail agus socruithe deiridh a dhéanamh don triail. Deimhníonn an cláraitheoir contae cén bearta is gá dul ina mbun chun an cás a réiteach don triail agus leagann sé/sí amchlár amach chun na bearta seo a chur i gcrích. Féadfaidh sé/sí réimse treoracha agus/nó orduithe réamhthrialach a thabhairt (mar shampla, earraí i mionnscríbhinn mhaoine a dheimhniú agus na saincheisteanna a shainaithint atá ina n-ábhar díospóide ag na páirtithe).

Conas mar a oibríonn sé?

Bíonn éisteacht ar bun i láthair an chláraitheora contae tar éis go n-eisítear imeachtaí cúirte. Freastalaíonn na haturnaetha don dá pháirtí/do na páirtí iad féin. Ní mó do gach páirtí den chás ceistneoir mionsonraithe a chomhlánú a chabhraíonn chun na saincheisteanna a shainaithint lena gcomhaontaíonn na páirtithe agus iad siúd atá ina n-ábhar díospóide. Tá an ceistneoir agus foirmeacha eile ar fáil i Rialacha na Cúirte Cuarda. Roimh an éisteacht, tá ar gach páirtí faisnéis ar leith airgeadais a dheimhniú.

Cabhraíonn an éisteacht a dheimhniú an dteastaíonn nó nach dteastaíonn breis pléadálacha, agus déileálann sí le saincheisteanna ar nós deimhniú, aimsiú, fógraí um fhaoiseamh pinsin, tuarascálacha saineolaithe etc. a thabhairt, agus le haon saincheisteanna eile atá le socrú roimh an triail.

 

Foirmeacha cúirte:

An Chúirt Chuarda

  • Foirm 37L: Toghairm chun freastal ar éisteacht gluaiseachta cáis
  • Foirm 37N: Ceistneoir um ghluaiseacht cháis

 

Rialacha Cúirte

I.R. Uimh. 358 de 2008: Na Rialacha Cúirte Cuarda (Gluaiseacht Cháis in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh), 2008