Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais

Cúirt:

Uachtarach

Catagóir:

Ginearálta

Ábhar:

Ceapadh nótairí poiblí

 

 

SC12 - Ceapadh nótairí poiblí ag an bPríomh-Bhreitheamh 

De bhun na gcumhachtaí a dílsíodh dom faoi ordú 127 de Rialacha na nUaschúirteanna  (Uimh. 2 de 1993) eisím leis seo na an treoir agus an rialachán seo a leanas maidir le ceapadh nótaire poiblí:

1. Tabharfaidh an tachainíoch gealltanas cuí ina (h)iarratas go gceapfaí é/í mar nótaire poiblí go gcomhlíonfaidh sé/sí Cód Iompar le haghaidh nótairí poiblí ar ghlac Dhámh na Nótairí Poiblí in Éirinn leis ar 21 Deireadh Fómhair, 1986, mar aon leis na rialacha, na rialúcháin agus na fodhlithe a bhaineann le cleachtais agus iompar gairmiúil na nótairí poiblí in Éirinn, agus go gcloífidh sé/sí leis na caighdeáin sin ar chóir a bheith acu agus a fhoilseoidh Dhámh na Nótairí Poiblí in Éirinn ó am go chéile.

2. Beidh feidhm leis an treoir seo ar 2 Deireadh Fómhair, 2006 agus ar aghaidh.

John L. Murray
PRÍOMH-BHREITHEAMH
20 Meán Fómhair 2006