Deiseanna Fostaíochta
Teachtaire Cúirte, An tSeirbhís Chúirteanna, Ros Comáin / An Longfort
Tugann an tSeirbhís Chúirteanna cuireadh d’iarratais ar an bpost thuas.
Baineann an iomaíocht seo le Teachtaire Cúirte amháin a cheapadh chun seirbhísí teachtaire cúirte a sholáthar i gContae Ros Comáin agus an Longfoirt.
Is éard a bheidh i gceist leis an ról chun tacaíocht a sholáthar do na Cláraitheoirí Contae i gContae Ros Comáin agus an Longfoirt ina gcáil mar Shirriam agus faoi théarmaí an Achta um Fhorfheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926, arna leasú. Beidh do cheanncheathrú suite ag Foirgneamh Údarás Clárúcháin Maoine na hÉireann, Ros Comáin, Contae Ros Comáin.
Cuid riachtanach den phost is ea taisteal ar fud Chontae Ros Comáin agus Chontae an Longfoirt, agus b’fhéidir contaetha eile, ó thráth go chéile, mar sin, caithfidh ceadúnas tiomána iomlán glan, mótarárachas agus a modh féin iompair a bheith ag iarratasóirí.
Íocfar costais taistil chaighdeánacha na Státseirbhíse.
Ba mhaith linn dá mbeadh taithí oibre ábhartha roimhe seo agus scileanna maithe TF ag iarratasóirí.
Is é an tuarastal tosaigh seachtainiúil don phost seo €440.64.
Tá fáil ar bhreis faisnéise maidir le téarmaí agus coinníollacha na fostaíochta ar fáil sa leabhrán faisnéise don phost seo.
Is féidir an fhoirm iarratais agus an information booklet a fháil trí an suíomh seo no trí theagmháil a dhéanamh le Oifig Réigiúnach an Iarthair, An tSeirbhís Chúirteanna, An Meal, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo ar r-phost le westernro@courts.ie nó ar an nguthán ag 094 9043863.
Ba cheart d’iarratasóirí a bhfoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost chuig westernro@courts.ie nó sa phost chuig
Oifig Réigiúnach an Iarthair,
An tSeirbhís Chúirteanna,
An Meal, Caisleán an Bharraigh,
Contae Mhaigh Eo
tráth nach déanaí ná Dé Luain, an 13 Samhain 2017 ag 4.00 p.m.
Marcáil an clúdach litreach le 'Folúntas Teachtaire Cúirte Ros Comáin/an Longfoirt'.
Tá iarratasóirí freagrach as seachadadh sábháilte a bhfoirmeacha iarratais.
Cuirfear an iomaíocht seo ar bun i gcomhlíonadh an chóid chleachtais a d’ullmhaigh an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (an CCSP) .
Tá an tSeirbhís Chúirteanna tiomanta do bheartas comhdheiseanna.