Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

DLÍ TEAGHLAIGH - leathanach baile

Ginearálta

Rochtain

Idirscaradh breithiúnach

Foréigean teaghlaigh

Idirghabháil

Cothabháil

Colscaradh

Neamhniú

Dlí comhoibríoch

Díolúintí pósta

Orduithe cúraim

Saincheisteanna pas

Coimeád

Atharthacht

Gluaiseacht cháis

Comhaontú idirscartha

Caomhnóireacht

Scaoileadh

Comhaontú idirghafa

Faisnéis faoi idirghabháil

Cabhraíonn idirghabháil le lánúineacha a rinne an cinneadh chun scaradh óna chéile chun aon díospóidí a réiteach a d’fhéadfadh bheith acu maidir leis na príomh-shaincheisteanna a leanas: coimeád agus rochtain ar leanaí, cothabháil, agus cearta réadmhaoine.

Ní hionann idirghabháil agus comhairleoireacht pósta. Níl sé de chuspóir aici cabhrú le lánúin athmhuintearas a dhéanamh. Is neodrach don idirghabhálaí agus spreagann sé/sí an lánúin chun comhoibriú lena chéile agus chun socruithe ar féidir leo beirt glacadh leo agus a gcloífidh siad leo a chur i dtoll a chéile. Féadfaidh aon lánúin idirscartha fáil bheith acu ar idirghabháil, cibé acu má bhíonn siad pósta nó a mhalairt. Áirítear leis seo lánúineacha comhghnéis.

Má bhaintear comhaontú amach, dréachtóidh an t-idirghabhálaí téarmaí an chomhaontaithe, a shíníonn an bheirt pháirtithe. Is gnách go luaitear nach leagann an comhaontú idirghafa ceanglas dlíthiúil mura socraíonn na páirtithe go dréachtóidh aturnae comhaontú idirscartha dhlíthiúil bunaithe ar an gcomhaontú idirghafa. Ansin féadfaidh aturnae tabhairt faoin obair riachtanach dhlíthiúil, ar nós úinéireacht na réadmhaoine a aistriú.

Ní thugann an t-idirghabhálaí comhairle dlí. Tá sé ina thábhacht do lánúineacha a roghnaíonn idirghabháil, a chinntiú bhfaigheann siad dlí agus comhairle airgeadais sula bhfreastalaíonn siad ar idirghabháil agus fad a dhéanann siad amhlaidh ionas gurb eol dóibh a gcearta agus gur féidir leo cinntí feasacha a dhéanamh. Tá idirghabháil faoi rún agus ní cheadaítear aon chumarsáid le hidirghabhálaí i bhfianaise cibé acu má bhaintear nó mura mbaintear comhaontú amach agus fiú má bhíonn imeachtaí cúirte ar bun ina dhiaidh sin.

Cuireann an Bord Um chúnamh Dlíthiúil an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh ar fáil saor in aisce. Mar mhalairt air sin, féadfaidh lánúin a roghnú chun idirghabhálaí príobháideach a fhostú.

Conas idirghabháil a shocrú

Déan teagmháil leis an an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh ag an Bord Um Chúnamh Dlíthiúil chun teacht ar liosta ionad ar fud na tíre.

Ina theannta sin, is ann do go leor idirghabhálaithe príobháideacha. Chun teacht ar shonraí faoi idirghabhálaithe creidiúnaithe, déan teagmháil leis na comhlachtaí, lena n-áirítear – FriarylawMediation Forum IrelandThe Mediators' Institute of IrelandThe Bar of IrelandChartered Institute of Arbitrators - Irish Branch, agus Law Society of Ireland.

Reachtaíocht ábhartha

An tAcht um an Cothabháíl Céilí agus Leanaí, 1976 alt 8.