Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Trialacha cáiliúla

Nasc gaolmhar
Michael Davitt

Robert Emmet

An 20 Meán Fómhair 1803, cuireadh Robert Emmet chun báis tar éis a cheannaireacht ar éirí amach a theip air agus dúnmharú an Tiarna Príomh-Bhreitheamh. Bhí a thriail i dTeach Cúirte Shráid na Faiche, Baile Átha Cliath ar cheann de na cinn ba cháiliúla a bhí ann, agus bhí an óráid cháiliúil a thug sé ón ngabhann mar inspioráid i gcomhair go leor cúiseanna poblachtánacha ina dhiaidh sin. Ba sa teach cúirte agus sa ghabhann céanna a cuireadh pionós báis air sa deireadh.

Deir foinsí taighde áirithe gur rugadh Emmet i bhFaiche Stiabhna, Baile Átha Cliath i 1778, agus deir cuid eile gur rugadh i gCorcaigh é. Is cuma cé as a dtáinig sé, cuireadh aithne go tapaigh air mar gheall ar na tuairimí láidre poblachtánacha a bhí aige, a chur i gcoinne riail Shasana agus go háirithe mar gheall ar na scileanna breátha a bhí aige mar óráidí sa Chumann Staire go gairid tar éis dó dul isteach i gColáiste na Tríonóide i 1793. I 1798 chuir sé fearg ar an Ard-Seansailéir a bhí tar éis glaoch air chun teacht os a chomhair nuair a thug sé cuairt ar Choláiste na Tríonóide. Faoin am seo bhí Emmet mar dhuine de cheannairí na nÉireannach Aontaithe agus mar agóid i gcoinne na cuairte agus an glaoch os comhair an Ard-Seansailéara, deirtear gur bhain sé a ainm de chlár an choláiste, gníomh misniúil nuair a chuimhnítear gur féinmharú gairmiúil a bhí ann ar a laghad, agus go bhféadfadh sé fadhbanna móra dlí a chruthú dó i mBaile Átha Cliath. De réir taifid eile, díbríodh as an ollscoil é mar gheall go raibh sé ina bhall de na hÉireannaigh Aontaithe.

In Aibreán 1799, in ainneoin go raibh barántas gabhála eisithe ina choinne ag Caisleán Bhaile Átha Cliath, bhí Robert Emmet sábháilte go gearr-théarmach ar aon chaoi, in éineacht lena dheartháir Thomas a bhí ar deoraíocht ar an mór-roinn. Theith sé ó Éirinn láithreach tar éis dó Coláiste na Tríonóide a fhágáil go tapaigh, agus d'fhan sé thar lear áit a raibh sé mar fhócas ag réabhlóidithe Éireannacha a bhí ar deoraíocht tar éis teipeadh éirí amach Bhealtaine 1798.

Rinne toscaireacht a raibh sé i gceannas uirthi iarracht in 1802 Napoléon agus Talleyrand a mhealladh chun tacú le cúis na hÉireann. Bhí easaontú idir na ceannairí Éireannacha a bhí sa Fhrainc maidir leis an treo ab fhearr le dul, agus ní raibh Emmet féin ró-chinnte faoi dháiríreacht agus 'bona fides' thacaíocht Napoléon. Ní raibh mórán dóchas fanta go bhfaighfí cabhair mhíleata ón bhFrainc i nDeireadh Fómhair 1802 nuair a d'fhill Emmet abhaile agus rún daingean aige éirí amach a eagrú go pearsanta. Bhunaigh sé agus d'íoc sé as roinnt armlann ar fud na cathrach a raibh airm tine agus púdar ghunna mar chuid de, ach gur phící ba mhó a bhí iontu. Thosaigh an cogadh idir an Bhreatain agus an Fhrainc arís i mBealtaine 1803 agus bhí súil dá bharr sin go ndéanfaí ionradh ar an mBreatain i Lúnasa na bliana sin - bhí Emmet agus a lucht leanúna ag réiteach i gcomhair éirí amach chun tarlú ag an am céanna leis seo.

Mar a tharla i go leor éirithe amach Éireannach, níor oibrigh rudaí de réir an phlean; bhí easaontas idir na ceannairí mar gheall ar bhearta, níor tháinig an tacaíocht a bhí súil leis ó thaobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus tharlaigh feall arís. Bhí ar Emmet dul chun cinn leis an éirí amach níos luaithe ná mar a bhí i gceist aige nuair a phléasc ceann de na harmlanna. An 23ú Iúil 1803 thug sé 100 lucht leanúna, grúpa míleata an-mheasctha, ó Lána an Phríosúin chun ionsaí a dhéanamh ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath, le pleananna acu ionsaí a dhéanamh ina dhiaidh sin ar Bheairic Dhroichead na hInse agus ar Dhún Theach Pigeon. Bhí cathéide glas uasal ar Emmet chun 'Éirí Amach Emmet ' a threorú. Bhí sé deireanach sa tráthnóna agus bhí go leor de mhuintir Bhaile Átha Cliathar a mbealach chuig agus ó choinní sóisialta, an Príomh-Bhreitheamh Arthur Wolfe mí-ámharach ina measc. Tharraing na ceannaircigh é féin agus a nia óna gcóiste agus mharaigh siad ar an bpointe iad.

Tar éis don éirí amach teipeadh, theith Emmet agus chuaigh sé i bhfolach. D'fhill sé go háit shábháilte i gCros Araild chun dul i dteagmháil leis an mbean a raibh sé geallta léi, Sarah Curran, a raibh sé i gceist aige éalú go Meiriceá léi. Tháinig an Maor Henry Sirr ar an áit ina raibh sé i bhfolach agus ghabh sé é - chabhair litreacha ó Sarah a bhí i seilbh Emmet chun é a aithint. Cuireadh faoi thriail é i gcomhair tréas agus fuarthas ciontach é. An 20ú Meán Fómhair 1803 crochadh é agus baineadh a chloigeann de taobh amuigh de Shéipéal Naomh Caitríona i Sráid Thomáis, ach thug sé óráid ón ngabhann ar dtús a chríochnaigh leis na focail inspioráideacha; 'When my country takes her place among the nations of the earth, then, and not till then, let my epitaph be written".

Michael Davitt agus titim as a gcéile 'Trialacha Stáit Shligigh'

Mar thoradh ar chruinniú a bhí ag Conradh na Talún i nGoirtín, Co. Shligigh an Domhnach 2 Samhain, 1879, a tharla ceann de na trialacha ba shuntasaí a bhí i Sligeach riamh. I measc na gcosantóirí bhí Michael Davitt a gabhadh agus a tugadh go Príosún Shligigh ar chúiseamh ceannairce mar thoradh ar an aitheasc a thug sé i nGoirtín. Tugadh 'Trialacha Stáit Shligigh', ar na himeachtaí. Bhí Parnell ag freastal orthu, agus thit siad as a gcéile tar éis seachtain ina raibh ceap magaidh agus drochmheas á dhéanamh ag an aturnae corr ach iontach, John Rea, a raibh sé de cháil air mar thoradh ar a bhearta cúirte gurbh é an dlíodóir coiriúil ab fhearr in Éirinn.

An 18 Samhain fuair Michael Davitt teachtaireacht ó E. Dwyer Gray, eagarthóir "The Freeman" ag tabhairt foláireamh dó go ngabhfaí é an mhaidin dar gcionn mar gheall ar a aitheasc i nGoirtín. Thug Davitt neamhaird ar an gcomhairle a cuireadh air an tír a fhágáil "go dtí go mbeidh an stoirm thart" agus ag 5 r.n. an mhaidin dar gcionn gabhadh é agus tugadh go Príosún Shligigh é. Fuair sé amach go raibh Daly agus Killeen faoi choimeád freisin agus nuair a tugadh os comhair an Ghiúistís iad an lá sin athchuireadh faoi choimeád iad go dtí an Luan dar gcionn ar chúiseamh ceannairce.

Cháin Parnell na gabhálacha láithreach agus ghlaoigh sé ollchruinniú agóide sa Rotunda, i mBaile Átha Cliath dhá lá ní ba dhéanaí, ag cothú an oiread uafáis i measc an phobail gur chuir na húdaráis deireadh leis an bplean pianseirbhíse a bhí acu agus ina ionad sin chuir siad Davitt agus an dream eile ar triail i dTeach Cúirte Shligigh. Ba é an plean a bhí ag Davitt, a leagadh amach níos déanaí ina leabhar "The Fall of Feudalism in Ireland" ná ceap magaidh a dhéanamh de na himeachtaí agus díspeagadh pobail a chur ar dhlíthe an riaracháin. Is é an té a roghnaíodh i gcomhair na hoibre seo ná John Rea, aturnae as Béal Feirste, agus fear a bhí chomh corr agus a bhí sé iontach. Bhí uamhan ar ghiúistísí roimhe, agus cúis mhaith acu leis, agus rinne sé scigdhráma den triail a d'fhág ina cheap magaidh idirnáisiúnta é.

Cuireadh tús leis an trial i Sligeach an Luan, 24 Samhain, 1879, agus dúirt Davitt ní ba dhéanaí go raibh sé "ar cheann de na scigdhrámaí dlí ab fhearr a rinneadh riamh nach raibh ar stáitse amharclainne." Bhí Rea ag déanamh ionadaíocht do Killeen, bhí Davitt ag déanamh ionadaíocht ar féin le cabhair ó Pharnell agus bhí an tUasal Louden ag déanamh ionadaíocht thar ceann Daly. Bhí an méid sin suime ag an bpobal ann go raibh fiche is a seacht iriseoirí nuachtáin brúite isteach sna háiseanna cúnga do na meáin.

Cuireadh tús leis an lá le banna práis Shligigh agus slua ollmhór ag tionlacan na príosúnaigh ón bpríosún go dtí an teach cúirte a bhí lán go doras. Ag deireadh éisteachta an chéad lá chuaigh an "sorcas" ar a is go Príosún Cranmore tríd na sráideanna, le tionlacan ó bhannaí agus iad á ngardáil ag póilíní. Lean an baile iomlán Parnell, Dillon agus na príosúnaigh agus gártha molta uathu. An oíche sin labhair Parnell agus Dillon ag ollchruinniú poiblí agus cháin siad an t-ionchúiseamh go láidir.

Ag an am céanna bhí páirt thábhachtach á imirt ag an 27 iriseoir nuachtáin i mbaint an bhonn ón triail i ngan fhios dóibh féin. Bhí miontuairiscí den éisteacht le feiceáil i nuachtáin in Éirinn, sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe. Glaodh cruinnithe agóide i Luimneach, Corcaigh, Learpholl, Glaschú, Dundee agus áiteanna eile, agus bhí teachtaireachtaí tacaíochta ag teacht isteach ó na Stáit Aontaithe. Bhí áthas ar Davitt faoi seo, agus scríobh sé, "we could not have done the League work of propaganda and of covering the law with ridicule as effectively if we had spent £5000.00 on the task.. Our enemies were our best friends in this sense and it became a most anxious consideration with us how we could best prolong the priceless entertainment."

Bhí sluaite ollmhóra ag fáiltiú roimh na príosúnaigh agus iad ag filleadh ar Cranmore gach oíche. Lean Parnell agus Dillon ag cáineadh na n-údarás ag cruinnithe poiblí sa bhaile a raibh an t-uafás daoine ag freastal orthu. Rinneadh na cosantóirí a chimiú chun trialach agus a scaoileadh amach ar bhannaí ina nduine agus ina nduine go dtí nach raibh fanta ach Killeen. Faoin am seo bhí oiread droch-cháil tagtha ar na himeachtaí go raibh fiú na tuairisceoirí ó na nuachtáin ag siosarnach gach uair a ndearna ionadaí na Corónach iarracht a chás a dhéanamh. Thuig Parnell go bhféadfadh sé oibriú ina gcoinne dá leanfaí leis an straitéis ceap magaidh a dhéanamh den dlí, agus mar sin d'ordaigh sé ciorrú a dhéanamh orthu. Ní raibh Rea ró-shásta leis seo, mar gur bhrath sé go mbeadh sé ábalta an scigdhráma seo a choinneáil ag imeacht ar feadh seachtaine eile.

Chríochnaigh "Trialacha Stáit Shligigh" nuair a scaoileadh Killeen amach ar bhannaí tar éis dó a bheith cimithe i gcomhair trialach. Bhí tionchar suntasach ag an titim as a chéile seo ar Chonradh na Talún. Scríobh Davitt: "The priceless assistance rendered to the League by the blundering tactics of the Sligo prosecution broke down almost all barriers hitherto operating against its progress outside Connacht. Its influence in the country grew by leaps and bounds. Dublin Castle had grappled with it and had been thrown badly in the encounter was laughed at by the public in the disgrace of its defeat. Its prestige had suffered while that of the League became enormously enhanced. The landlords had forced the action of the Government in the trials, and the result would tell against them. They had attempted to kill the 'no rent' feeling and instead they had helped to create a power that was destined to kill the rent system.