Fógraí um Shuíonna
Sligeach: An Chúirt Chuarda
Nasc gaolmhar
Oifig Cúirte Shligigh
Suíonna Cuaird an Lár Tíre
Suíonna Chláraitheoir Chontae Shligigh
An Chúirt Chuarda - Cuaird an Lár Tíre
De bhun na gcumhachtaí a dílsíodh dom faoi alt 10 d'Acht Cúirteanna Breithiúnais 1947, agus trí chumhachtaí eile a bronnadh orm, agus tar éis dul i gcomhairle le buanbhreitheamh na Cuairde Lár Tíre, ordaímse, Raymond Groarke, Uachtarán na Cúirte Cuarda, an méid seo a leanas:
1. Go dtosnóidh suí Chúirt Charda Shligigh, atá sceidealta le tosnú Dé Máirt an 11ú Iúil 2017, Dé Máirt an 18ú Iúil 2017 ina ionad agus leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh pé tréimhse a bheidh ag teastáil chun dul i ngleic le gnó coiriúil nó le haon ghnó eile a chuirtear chuig Sligeach.
2. Go bhfoilseofar an t-ordú seo chomh luath agus is féidir ar www.courts.ie.
Arna dhátú an 29ú lá seo de mhí Meitheamh 2017
Raymond Groarke
Uachtarán na Cúirte Cuarda