Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Bainistíocht straitéiseach

 

Díríonn an Plean Gníomhaíochta Seirbhísí Custaiméara ar riachtanais lucht úsáidte na gcúirteanna agus cinntíonn sé go bhfuil an fhoireann oibre ar an eolas faoin gcleachtas is fearr thar an tseirbhís phoiblí go léir.

Forbraíodh an Plean Straitéiseach tar éis próiseas cuimsitheach comhairliúcháin leis an bhfoireann oibre, na breithiúna agus príomhpháirtithe leasmhara. Tá sé mar aidhm aige cur le hobair na sé bliana atá caite ag díriú ar ár bpríomhobair i gcúirteanna agus in oifigí cúirteanna.

Déanann ár Plean Straitéiseach Teicneolaíochta Faisnéise soláthar;

  • d'fhorbairt leanúnach feidhmchlár gnó straitéiseach chun riachtanais sainiúla na Seirbhíse a chomhlíonadh
  • do thabhairt isteach córas cuntasaíochta agus bainistíochta airgeadais nua-aimseartha ar fud na heagraíochta
  • d'fhorbairt leanúnach córas faisnéise feidhmiúcháin agus bainistíochta nua-aimseartha chun cur ar chumas na Seirbhíse freagairt do riachtanais feidhmiúcháin agus gnó atá ag síor-athrú.
  • do sheachadadh réimse seirbhísí ríomhrialtais atá i gcomhréir le tiomantas an rialtais maidir le forbairt na Sochaí Faisnéise.


Leanaimid ag foilsiú tuarascáil bhliantúil maidir lenár ngníomhaíochtaí.