Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

Céard a tharlaíonn nuair a tá toghairm eisithe agat?

A luaithe a d'eisigh tú do thoghairm i bPríomh-Oifig na hArdchúirte, nó más rud é gur thosaigh tú an cás trí fhógra foriarratais a thionscnamh, is é an chéad chéim eile an toghairm nó an fógra foriarratais a sheirbheáil.

Más pearsa aonair atá á sheirbheáil agat?

Ní mór duit pearsa aonair a sheirbheáil go pearsanta - féach ordú 9 de Rialacha na nUaschúirteanna.

Más cuideachta chláraithe atá á seirbheáil agat?

  • Ní mór duit an toghairm a fhágáil ag oifig chláraithe na cuideachta nó an chuideachta a sheirbheáil trí ghnáthphost réamhíoctha agus an deimhniú poist a choinneáil. - féach s. 379 de Acht na gCuideachtaí, 1963 atá ar fáil ag www.achtanna.ie.

  • Seirbheáil na toghairme a fhormhuiniú, de ghnáth ar leathanach 3, laistigh de 3 lá ó sheirbheáiltear an toghairm.

  • I gcás ina ndéanann an cosantóir láithreas a thaifeadadh, féadfaidh an doiciméad ráiteas éilimh a iarraidh le seachadadh chuig an gcosantóir. Ní mór duit an doiciméad seo a ullmhú agus a sheadhadadh. Cuirfear tuilleadh mionsonraí faoin gcás ar fáil sa ráiteas éilimh.

  • Féadfaidh an cosantóir fógra le haghaidh sonraí a eisiúint chun go mbeidh an t-éileamh leagtha amach ar bhealach níos soiléire.

  • Féadtar cosaint nó cosaint agus frithéileamh a fháil ón gcosantóir.

  • D'fhéadfaí go mbeadh ort freagra ar an gcosaint a leagan amach.

  • D'fhéadfaí go mbeadh ort fógra foriarratais a eisiúint le fáil amach cá háit a bhfuil doiciméid i seilbh páirtí, ar doiciméid iad a chreideann tú atá ábhartha don chás.

  • Féádfaidh tú fógra foriarratais a eisiúint le haghaidh líon mór faoiseamh (an rud atá á lorg agat san fhoriarratais) - féach ordú 52 de Rialacha na nUaschúirteanna


Mura tharla rud ar bith i do chás ar feadh níos mó ná 12 mí beidh ort fógra go bhfuil ar intinn dul ar aghaidh a sheirbheáil ar an bpáirtí eile agus beidh ort fanacht ar feadh tréimhse mí amháin sular féidir leat doiciméid bhreise a chomhdú.

Má tá do chás réidh chun trialach ba cheart duit fógra trialach a sheirbheáil agus seirbheáil a fhormhuiniú. Ní mór duit an fógra trialach agus an duillín á cur síos a thaisceadh i bPríomh-Oifig na hArdchúirte laistigh de 14 lá ón seirbheáil.

Tuilleadh eolais:

Treoirlínte le haghaidh cás a chur síos i gcomhair trialach

Nósanna imeachta liostaithe

 

Nóta: Ní doiciméad dlíthiúil é seo agus ní cheart a mheas gur comhairle dhlíthiúil atá inti. Más rud é go bhfuil comhairle dhlíthiúil uait ba cheart duit dul i gcomhairle le haturnae.

 

 

____________________________________________________
Rinneadh nuashonrú ar an leatheanach seo ar an: 7  Márta 2017