|
Cúinsí
|
Céard is ceart don mhionnscríbhinn finné fhianaithe a chuimsiú
|
|
1.
|
Sa chás nach ann do chlásal fianaithe san uacht.
|
1. Forghníomhú mar is ceart (de réir mionnscríbhinn finné fhianaithe fasaigh)
|
|
2.
|
Sa chás go bhfuil an clásal fianaithe lochtach ar bhealach áirithe:
e.g. 1- tagraíonn sé do 5 leathanach nuair nach ann ach 4 leathanach
e.g. 2- sa chás nach soiléir don fhoclaíocht go raibh na finnéithe i láthair ag an tráth céanna nuair a rinne an tiomnóir a s(h)íniú nó nuair a d’aithin sé/sí a s(h)íniú
e.g. 3- sa chás go luaitear ainm an tiomnóra go mícheart sa chlásal fianaithe
|
1. Forghníomhú mar is ceart agus 2. Earráid chumhdaigh sa chlásal fianaithe más ábhartha (e.g. 'tagraíonn an clásal fianaithe go hearráideach do 5 leathanach nuair ba cheart go dtagraíonn sé do 4 leathanach')
|
|
3.
|
Sa chás gur shínigh an tiomnóir le marc agus nach gcuimsíonn an clásal fianaithe an chúis a bhí leis seo go leordhóthanach.
|
1. Forghníomhú mar is ceart agus 2. An chúis ar shínigh an tiomnóir in aice mairc (is é sin, gan bheith in ann scríobh mar gheall ar éineart fisiciúil). agus 3. A chur san áireamh (más fíor don mhéid a leanas) ‘sular fhorghníomhaigh an tiomnóir thuasluaite an uacht (codaisíl) sin, gur léigh mise (nó AB i mo láthair) an céanna dó/di go hinchloiste dó/di agus go soiléir agus gur dhealraitheach gur thuig an tiomnóir go hiomlán an céanna agus go raibh sé/sí de shlánmheabhair, de shlánchuimhne agus de shlántuiscint tráth a rinne sé/sí é a fhorghníomhú. agus 4. Má bhí an tiomnóir dall: '… bhí an tiomnóir dall tráth fhorghníomhaithe na huachta (codaisíle) thuasluaite agus shínigh mise agus (ainm eile seachas an finné) ár n-ainmneacha san áit sin go bhféadfadh an tiomnóir sinn a fheiceáil á shíniú dá mbeadh radharc na súl aige/aici'.
|
|
4.
|
Sa chás go bhfuil síniú an tiomnóir lag.
|
1. Forghníomhú mar is ceart agus 2. An chúis a bhfuil an síniú lag agus 3. A chur san áireamh (más fíor don mhéid a leanas) ‘sular fhorghníomhaigh an tiomnóir thuasluaite an uacht (codaisíl) sin, gur léigh mise (nó AB i mo láthair) an céanna dó/di go hinchloiste dó/di agus go soiléir agus gur dhealraitheach gur thuig an tiomnóir go hiomlán an céanna agus go raibh sé/sí de shlánmheabhair, de shlánchuimhne agus de shlántuiscint trátha rinne sé/sí é a fhorghníomhú'.
|
|
5.
|
Sa chás gurb ann do leasuithe nó d'idirlíniú nó do dhíobhadh nó do scriosadh san uacht nach ndearnadh a fhorghníomhú i gceart.
|
1. Forghníomhú mar is ceart agus 2. Gach athrú a shonrú agus 3. Cuir san áireamh ‘rinneadh an leasú sin (nó an idirlíniú sin agus mar sin de) san uacht sin sula ndearnadh í a fhorghníomhú'.
|
|
6.
|
Sa chás nach bhfuil dáta luaite leis an uacht (nó má táthar in amhras faoin dáta).
|
Forghníomhú mar is ceart, lena n-áirítear an dáta a forghníomhaíodh an uacht agus míniú a thabhairt ar an gcéanna.
|
|
7.
|
Sa chás go luaitear síniú an tiomnóra i ndiaidh shínithe na bhfinnéithe.
|
Forghníomhú mar is ceart
|
|
8.
|
Sa chás gur shínigh an tiomnóir faoi dhó.
|
1. Forghníomhú mar is ceart agus 2. '… shínigh an tiomnóir a (h)ainm faoi dhó go hearráideach (nó mar gheall go raibh a s(h)íniú lag nó de réir mar a bheidh) ... ach rinneadh gach rud i ngníomh amháin forghníomhaithe
|
|
9.
|
Sa chás go bhfuil an uacht scríofa ar líon leathanaigh scaoilte nach bhfuil ceangailte dá chéile.
|
1. Forghníomhú mar is ceart agus 2. Sonraigh an líon leathanach atá san uacht agus deimhnigh go raibh gach leathanach i láthair sa seomra tráth an fhorghníomhaithe.
|