Ailtireacht agus oidhreacht
Teach Cúirte Longfoirt
Naisc ghaolmhara
Oifig Cúirte Longfoirt
Bróisiúir Teach Cúirte Longfoirt
Eolas stairiúil agus ailtireachta
Is teach cúirte chúig bhá, thrí stór os cionn íoslaigh, dhá éadan a tógadh ar an bpríomhshráid i 1793 é teach cúirte Longfoirt. Tá seans maith ann gur ar shuíomh foirgnimh eile a tógadh é. Ní fios cérbh é an t-ailtire leis. Tá an plean siméadrach thar an dá stór os cionn íoslach smachtlainne. Tá céimeanna ann a théann chuig príomhdhoras Dórach agus fuinneog Veinéiseach os a chionn ar an gcéad urlár. Cuireadh stór an áiléir leis sa bhliain 1859 go dtí 1860, agus cuireadh dhá shíneadh smachtlainne aon stór leis an dá thaobh den bhealach isteach den tsráid timpeall 1900. Bhí críoch curtha ar an bhfoirgneamh i rindreáil aoil le haolchloch ar na fuinneoga a cheaptar a athraíodh sa bhliain 1859 go dtí fuinneoga saise sleamhnáin. Athraíodh smachtlann amháin go hOifig Turasóireachta sa bhliain 1970. Bhí drochfhadhbanna lobhaidh ag an teach cúirte i dtús na nóchaidí, agus dúnadh é sa bhliain 1994 mar gheall ar an ndrochbhail a bhí air.
Tionscnamh athchóirithe agus sínidh
Níorbh fhéidir an spás a theastaigh i gcomhair seomraí cúirte nua-aimseartha agus an chóiríocht choimhdeach a théann leis a chur ar fáil laistigh den fhoirgneamh a bhí ann. Socraíodh an chuid ar chúl an fhoirgnimh a bhaint anuas. Chomh maith leis sin, bhí ceannach an áitribh cheadúnaithe béal dorais tábhachtach sa mhéid is gur chuir sé spás urláir bhreise ar fáil d'áiseanna na cúirte chomh maith le spás carrchlóis. Beidh bealach isteach ar cúl sa chlós do lucht foirne agus breithiúna, agus bealach isteach slán d'fheithiclí an Gharda Síochána agus na Seirbhíse Príosúin.
Tá an bunfhoirgneamh Seoirseach a tógadh sa bhliain 1790 coinnithe i dtosach theach na cúirte. Tá an aghaidh a bhí ann ó thús deisithe. Bhí glanadh agus deisiú maisiúcháin plástair agus cloiche, deisiú na bhfuinneog a bhfuil ann agus baint na smachtlann Victeoiriach ag leibhéal na sráide mar chuid de seo. Tá ráillí curtha ar fáil ar nós mar a bhí ar ghrianghraf Lawrence den áitreabh a tógadh timpeall 1890. Tá an saothar seo tar éis cuma chathartha a chur ar theach na cúirte, agus tá an aghaidh athchóirithe agus cuma bhreá uirthi arís.
Ceadaíodh úsáid sheomra ard-ghiúiré mar chúirt dlí teaghlaigh chun an spás a bhí ann a chothú an méid agus ab fhéidir agus an méid ba lú athruithe a dhéanamh air, toisc go raibh an úsáid seo feiliúnach agus gan mórán tionchair aige ar an seomra tábhachtach seo san fhoirgneamh.
Chonacthas an síneadh ar gcúl mar struchtúr nua-aimseartha le píosaí comhaimseartha a chuirfeadh béim ar an scaradh idir an bunstruchtúr 1790 agus an chuid nua a tógadh san 21ú haois. Is é an t-aon rud a fheictear a cuireadh leis an halla isteach ná gailearaí gloinithe mar bhealach isteach chuig na seomraí cúirte ar leibhéal idirurláir. Tá an gailearaí crochta ón tsíleáil le bíomaí cruach atá laistigh den urlár a bhí ann cheana.
Tá dhá chúirt mhóra san fhoirgneamh anois chomh maith le seomra cúirte dlí teaghlaigh agus cóiríocht cúirte cuarda agus cúirte dúiche ann freisin. Tá seomraí comhairliúcháin, seomra tacaíochta na n-íospártach, seomra na meán agus cillíní coinneála do phríosúnaigh curtha ar fáil. Tá seirbhísí nua curtha ar fáil ar fud an fhoirgnimh, chomh maith le rochtain uilíoch. Comhlíonann an foirgneamh riachtanais slándála dóiteáin. Tá cáblaí curtha sa teach cúirte chun is gur féidir físchomhdhálú agus clostaifeadadh digiteach ar imeachtaí a dhéanamh. Tá líonra cuimsitheach theicneolaíocht faisnéise curtha ar fáil san foirgneamh freisin.