Cumhachtaí aturnae
Má tá duine slánmheabhrach i dteideal deonú ionadaíochta in eastát duine mhairbh, agus:
- má tá sé/sí ina c(h)ónaí lasmuigh den dlínse nó,
- má tá sé/sí ar tí an dlínse a fhágáil nó,
- má tá sé/sí thíos le míchumas dian, leanúnach fisiciúil,
féadtar deonú a dheonú dá (h) aturnae a ghníomhaíonn faoi chumhacht aturnae (Ordú 79, Riail 23 de Rialacha na nUaschúirteanna, I.R. Uimh. 15 de 1986).
Cáipéis atá sa chumhacht aturnae seo a fhorghníomhaíonn an duine a thugann/a tharmligeann an chumhacht (ar a dtugtar an deontóir) ina n-ainmníonn sé/sí duine eile (ar a dtugtar deontaí na cumhachta) chun tabhairt faoi na feidhmeanna riachtanacha lena mbaineann an oifig i gceist.
Is sonrach don fhoirm chumhachta a úsáidtear do riaradh an eastáit atá i gceist. Leagtar amach fasaigh na gcumhachtaí siúd in Probate Practice in a Nutshell le hÉamonn G. Mongey. Níl foirm de chineál ginearálta inghlactha mar gheall go bhfuil gach cumhacht ghinearálta rialaithe anois ag Cumhachtaí Aturnae, 1996 a chuireann bac ar dheontóirí na gcumhachtaí siúd agus cumhachtaí iontaobhaí/ionadaí phearsanta dlí a tharmligean.
Buanchumhachtaí aturnae
Níl deontaí buanchumhacht aturnae i dteideal deonú ionadaíochta a bhaint ar son dheontóir na cumhachta sin.
Tugann Alt 16 den Acht Cumhachtaí Aturnae, 1996 le fios nach féidir le deontóir na gcumhachtaí sin feidhmeanna a tharmligean a d’fhéadfadh bheith acu:
- mar iontaobhaí
- mar ionadaí pearsanta, nó
- mar thionónta don saol laistigh de bhrí Acht na Talún Lonnaithe, 1882.