/F497195CEBA483598025733900410BD6/$FILE/Meirge-Na-Cúirteanna.gif)
An Chúirt Uachtarach
Naisc ghaolmhara
Breithiúna na Cúirte Uachtaraí
Oifig An Chúirt Uachtarach
Láithreán gréasáin an Chúirt Uachtarach
Is í an Chúirt Uachtarach an chúirt achomhairc dheiridh in Éirinn. Suíonn sí sna Ceithre Chúirt i mBaile Átha Cliath.
Ballraíocht na Cúirte
Is iad uachtarán na cúirte (An Príomh-Bhreitheamh) agus seachtar gnáthbhreithiúna a bhíonn ar an gCúirt Uachtarach. Is breitheamh breise na cúirte ex officio (de bharr a p(h)ost) é Uachtarán na hArd-Chúirte freisin. Nuair atá duine de ghnáthbhreithiúna na Cúirte Uachtaraí ina uachtarán ar Choimisiún um Athchóiriú an Dlí, is féidir líon na ngnáthbhreithiúna a mhéadú de dhuine amháin. Faoi s.5 d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2) 1997, is féidir líon na mbreithiúna a shárú de dhuine amháin freisin nuair atá iar-Phríomh-Bhreitheamh ag freastal mar bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí. Chomh maith leis sin, i gcás nach bhfuil a ndóthain breithiúna den Chúirt Uachtarach ar fáil le dul i mbun obair na cúirte de bharr breitheamh Cúirte Uachtaraí a bheith tinn, nó ar chúis ar bith eile, is féidir leis an bPríomh-Bhreitheamh iarratas a dhéanamh ar ghnáthbhreitheamh nó gnáthbhreithiúna na hArd Chúirte ar bith suí mar bhall den Chúirt Uachtarach chun éisteacht le cás. Ansin is ball breise den chúirt don éisteacht sin é/í breitheamh ar bith a ndéantar an iarratas seo orthu.
Is triúr breithiúna a bheadh i gceist go hiondúil d'achomhairc a bhaineann le nósanna imeachta nó cásanna nach bhfuil ceisteanna tábhachtacha dlí i gceist leo. Suífidh cúirt de chúigear breithiúna i gcásanna ina dtugtar dúshlán do bhunreachtúlacht reachtaíochta nó nuair a thagann ceisteanna tábhachtacha dlí chun cinn. D'fhéadfadh seachtar breithiúna suí chun éisteacht le cásanna a bhfuil tábhacht ar leith leo, cosúil le Bille a chuirtear faoi bhráid na cúirte faoi Airteagail 26 den Bhunreacht.
Is féidir leis an gCúirt Uachtarach suí i dhá rannóg nó níos mó ag an am gcéanna.
Sealbhaíocht na mBreithiúna
Íslíodh aois scoir Bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí ó 72 bliain d'aois go 70 bliain faoi réir Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte, 1995. Féadfaidh Breithiúna a ceapadh roimh theacht i bhfeidhm an Achta leanúint ar aghaidh in oifig go haois a 72.
Nuair a tháinig feidhm le hAcht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1997 ba é seacht mbliana ar a mhéid an téarma oifige a bheadh ag aon duine a cheapfaí feasta mar Phríomh-Bhreitheamh. Ní raibh aon teorainn le téarma oifige Phríomh-Bhreithimh sular ritheadh an tAcht sin
Ord tosaíochta na mBreithiúna
Leag Acht na bliana 1997 síos ord tosaíochta Bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí mar seo a leanas:-
(a) tabharfar tús áite don Phríomh-Bhreitheamh
(b) beidh Uachtarán na hArd-Chúirte i ndiaidh an Phríomh-Bhreithimh
(c) is iad breithiúna na Cúirte Uachtaraí atá ina n-iar-Phríomh-Bhreithiúna a thiocfaidh ina dhiaidh sin agus ord tosaíochta acu de réir dháta a gceaptha.
(d) ina ndiaidh siúd beidh breithiúna eile na Cúirte Uachtaraí agus ord tosaíochta acu de réir dháta a gceaptha mar ghnáthbhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí.
An Príomh-Bhreitheamh
Suíonn an Príomh-Bhreitheamh mar bhall den Chúirt Uachtarach agus lena chois sin suíonn sé/sí ina (h)aonar chun déileáil le hiarratais chun Nótairí Poiblí agus Coimisinéirí Mionnaí a cheapadh, agus tá feidhm riaracháin aige/aici maidir le bainistiú liostaí cásanna. Tá an Príomh-Bhreitheamh ina b(h)reitheamh breise ex officio den Ard-Chúirt.
Ábhair a láimhseáiltear
Is é príomhghnó na cúirte ná achomhairc a éisteacht in aghaidh chinntí na hArd-Chúirte i gcás imeachtaí a tionscnaíodh san Ard-Chúirt. Láimhseálann an chúirt nithe freisin a sheolann breitheamh de chuid na Cúirte Cuarda nó na hArd-Chúirte chuici mar Chásanna Luaite. Féadann sé seo tarlú nuair a thagann ceist dlí chun cinn i gcúirt íochtarach agus go n-iarrann na páirtithe (nó páirtí amháin) go gcuirfí chun na Cúirte Uachtaraí í lena tuairim a fháil. Is féidir freisin achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí in aghaidh chinneadh de chuid na Cúirte Achomhairc Choiriúil. Ní féidir a leithéid d'achomharc a dhéanamh mura ndeimhníonn an Chúirt Achomhairc Choiriúil, nó an tArd-Aighne, nó an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go bhfuil pointe dlí ag baint leis an gcinneadh sin, agus go bhfuil sé tábhachtach ó thaobh leas an phobail go ndéanfaí achomharc chun na Cúirte Uachtaraí faoi. Lena chois sin tá foráil faoi Alt 34 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967, má tharlaíonn sé maidir le ceist dlí go dtugtar fíorasc faoi threoir breithimh i bhfabhar an chúisí, go bhféadfaidh an tArd-Aighne ceist dlí a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí le cinneadh a thabhairt fúithi, ach é sin gan dochar don fhíorasc i bhfabhar an chúisí.
Chuir Alt 11 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1993, deireadh leis an gceart achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ach amháin go bhféadfadh an tArd-Aighne achomharc a dhéanamh maidir le ceist dlí faoi réir Alt 34 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967, nó sa mhéid is a bhaineann cinneadh na Príomh-Chúirte Coiriúla le bailíocht aon dlí faoi réir fhorálacha an Bhunreachta.
Tá bundlínse áirithe ag an gCúirt Uachtarach faoin mBunreacht mar aon leis an dlínse achomhairc seo atá aici. Tá foráil in Alt 12 an Bhunreachta gurb í an Chúirt Uachtarach, agus í sin amháin, ar a mbeidh cúigear breithiúna ar a laghad, a fhéadfaidh a chinntiú an bhfuil éagumas buan ar Uachtarán na hÉireann nó nach bhfuil. Tá foráil in Alt 26 gur féidir leis an Uachtarán (iar ndul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit) aon bhille den chineál a ndéantar cur síos orthu san alt a sheoladh chuig an gCúirt Uachtarach, chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil a leithéid de bhille, nó aon fhoráil (nó forálacha) shainithe de, aimhréireach leis an mBunreacht nó nach bhfuil.
Éisteacht Achomharc
Is i gcásanna fíor-eisceachtúla amháin a éisteann an Chúirt Uachtarach fianaise ó fhinnéithe. Is ar bhunús na ndoiciméad a bhí os comhair na cúirte níos íochtaraí mar aon le hathscríbhinn na fianaise béil (nuair atá sí ar fáil) a éistear achomhairc nó, murar féidir iad sin a fháil, ar nótaí comhaontaithe abhcóide faoin bhfianaise arna bhfaomhadh ag breitheamh na trialach.
Liostú Achomharc
Tugtar tús áite d'achomhairc phráinneacha ach thairis sin liostaítear achomhairc in ord éisteachta de réir mar a bhíonn siad réidh le héisteacht. Nuair a bhíonn na leabhair achomhairc go léir lóisteáilte in Oifig na Cúirte Uachtaraí, agus nuair a dheimhníonn an t-achomharcóir go bhfuil an t-achomharc ullamh lena éisteacht, déantar an t-achomharc sin a chur ar liosta cásanna a gcaithfear dátaí a thabhairt dóibh de réir dháta lóisteála an teastais ullmhachta. Déantar dátaí a cheapadh i gcomhairle leis an bPríomh-Bhreitheamh le haghaidh an téarma dlí atá ag teacht. Más féidir a thaispeáint go bhfuil práinn nó tábhacht faoi leith ag baint le cás féadfar iarratas a dhéanamh chun an Phríomh-Bhreithimh go dtabharfaí tosaíocht don éisteacht.
Fógairt cinntí
Uaireanta tugtar cinneadh na cúirte gan réamhullmhúchán go díreach i ndiaidh éisteacht an achomhairc. De ghnáth, áfach, bíonn na ceisteanna chomh casta sin go bhforchoimeádann an chúirt a breithiúnas chun na hargóintí go léir a rinneadh ag an éisteacht, agus na húdair dhlí go léir a luadh, a mheas go cúramach. Tugann an chúirt a breithiúnas meabhraithe i scríbhinn ar dháta níos déanaí agus insítear an dáta sin do na páirtithe roimh ré.
Is le móramh na mbreithiúna a thugann an Chúirt Uachtarach a breithiúnas cé gur féidir le gach breitheamh díobh a b(h)reithiúnas féin a thabhairt, bíodh sé/sí ag aontú leis nó ina aghaidh. Ní bhaineann an prionsabal seo le cinneadh na Cúirte Uachtaraí i gcásanna a bhaineann le bailíocht dlí faoi réir fhorálacha an Bhunreachta. Tá foráil sa Bhunreacht ina leithéid de chás gurb é/í an breitheamh a cheapann an chúirt a fhógróidh an cinneadh agus nach bhfógrófar aon tuairim eile faoin gceist agus nach dtabharfar le fios go raibh a leithéid de thuairim ann. Baineann foráil cosúil leis sin le cásanna ina seolann an tUachtaránbillí chun na Cúirte faoi réir Alt 26 an Bhunreachta.
Éisteachtaí
Tá foráil sa Bunreacht go ndéanfar an ceartas a riaradh go poiblí ach amháin sna cásanna teoranta annamha sin atá leagtha síos sa dlí. Suíonna poiblí a bhíonn i bhformhór mór de shuíonna na Cúirte Uachtaraí dá bharr sin. Baineann na príomh-eisceachtaí le cásanna Dlí Teaghlaigh agus cásanna an AchtaComharbais.