Baile
As BéarlaAs Gaeilge
Cuardaigh le haghaidh Cliceáil chun Cuardach a dhéanamh
Ard-Chuardach
Leagan Inphriontáilte
Na Ranna go LéirTreoracha CleachtaisRialacha Cúirte Téarmaí & Suíonna
Dialann Dlí Oifigí & LéarscáileannaBreithiúnais & Cinntí

DLÍ TEAGHLAIGH - leathanach baile

Ginearálta

Rochtain

Idirscaradh breithiúnach

Foréigean teaghlaigh

Idirghabháil

Cothabháil

Colscaradh

Neamhniú

Dlí comhoibríoch

Díolúintí pósta

Orduithe cúraim

Saincheisteanna pas

Coimeád

Atharthacht

Gluaiseacht cháis

Comhaontú idirscartha

Caomhnóireacht

Scaoileadh

Díolúintí pósta

Pósadh idir daoine faoi ocht mbliana déag d'aois

Ní bailí d’aon phósadh a shollúnaítear idir daoine faoi ocht mbliana déag d'aois. Baineann seo le gach pósadh a shollúnaítear sa Stát agus le póstaí a shollúnaítear lasmuigh den Stát idir daoine a bhfuil duine díobh nó an bheirt díobh ina gcónaí sa Stát seo.

Féadfaidh an Chúirt Chuarda ligean do phósadh chun leanúint ar aghaidh fiú má tá duine de na páirtithe nó an bheirt pháirtithe faoi ocht mbliana déag d’aois.

Fógra rúin phósta

Ní mór go dtabharfaidh na daoine atá bainteach i bpósadh fógra ar a laghad trí mhí do Chláraitheoir na bPóstaí, i scríbhinn, agus a lua go bhfuil sé beartaithe acu pósadh a dhéanamh.

Féadfaidh an Chúirt Chuarda daoine ar mian leo pósadh a dhíolmhú ón riachtanas chun fógra trí mhí a thabhairt don Chláraitheoir.

Conas iarratas a dhéanamh ar dhíolúine phósta

Féadfaidh lánúineacha iarratas a dhéanamh ar an gCúirt Chuarda trí fhreastal os comhair na cúirte iad agus a mhíniú cén fáth ar mian leo díolúine a fháil ón bhfógra trí mhí agus/nó ón riachtanas aoise.

Déan teagmháil le hoifig ábhartha na Cúirte Cuarda chun breis faisnéise a fháil.

Reachtaíocht ábhartha

  • An tAcht um an Dlí Teaghlaigh, 1995
  • An tAcht um Chlárú Sibhialta, 2004